+Airteagal 24 Faireachán agus meastóireacht
---+Airteagal 24 1.
---+Airteagal 24 2.
---+Airteagal 24 3.
---+Airteagal 24 4.
---+Airteagal 24 5.
---+Airteagal 24 6.
---+Airteagal 24 7.
---+Airteagal 24 8.
---+Airteagal 24 9.
|
Airteagal 24 Faireachán agus meastóireacht
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 24 1.
|
Beidh gníomhaíochtaí an Chomhghnóthais faoi réir faireachán leanúnach agus athbhreithnithe tréimhsiúla i gcomhréir lena chuid rialacha airgeadais, d’fhonn an tionchar agus an feabhas is mó a áirithiú, chomh maith leis an úsáid is éifeachtúla acmhainní. Cuirfear torthaí an fhaireacháin agus na n-athbhreithnithe tréimhsiúla leis an bhfaireachán a dhéanfar ar Chomhpháirtíochtaí Eorpacha agus ar mheastóireachtaí an Chomhghnóthais mar chuid de mheastóireachtaí ar Fís Eorpach dá dtagraítear in Airteagail 50 agus 52 de Rialachán (AE) 2021/695.
|
|
Airteagal 24 2.
|
Eagróidh an Comhghnóthas an faireachán leanúnach ar a ghníomhaíochtaí bainistíochta agus cur chun feidhme agus ar athbhreithnithe tréimhsiúla ar aschuir, torthaí agus tionchair na dtionscadal a chuirfear chun feidhme ag teacht le hAirteagal 50 de, agus Iarscríbhinn III de Rialachán (AE) 2021/695.
|
|
Airteagal 24 3.
|
Déanfar meastóireachtaí ar oibríochtaí na gComhghnóthas go tráthúil ionas go bhféadfar faisnéis ó na meastóireachtaí sin a úsáid sa mheastóireachta eatramhach agus sa mheastóireacht deiridh de chuid Fís Eorpach agus sa phróiseas cinnteoireachta gaolmhar mar a shonraítear in Airteagal 52 de Rialachán (AE) 2021/695.
|
|
Airteagal 24 4.
|
Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht eatramhach agus meastóireacht deiridh ar an gComhghnóthas mar chuid de mheastóireachtaí Fís Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 52 de Rialachán (AE) 2021/695. Cuirfear an mheastóireacht eatramhach i gcrích le cúnamh ó shaineolaithe neamhspleácha ar bhonn próiseas trédhearcach a thúisce a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme Fís Eorpach, ach tráth nach déanaí ná 4 bliana ó thús chur chun feidhme Fís Eorpach. Déanfar imscrúdú sna meastóireachtaí ar conas a chomhlíonann an Comhghnóthas a mhisean i gcomhréir lena chuspóirí eacnamaíocha, teicneolaíochta, eolaíochta, sochaíocha agus beartais, lena n-áirítear cuspóirí a bhaineann leis an aeráid, agus déanfar meastóireacht ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas, agus breisluach an Aontais a chuid gníomhaíochtaí mar chuid de Fís Eorpach, a chuid sineirgí agus comhlántachtaí le tionscnaimh ábhartha Eorpacha, náisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, réigiúnacha, lena n-áirítear sineirgí le codanna eile de Fís Eorpach, amhail misin, braislí nó cláir théamacha nó shonracha. Cuirfear san áireamh sna meastóireachtaí tuairimí na ngeallsealbhóirí, ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta araon, agus áireofar iontu freisin, i gcás inarb ábhartha, measúnú ar an tionchar fadtéarmach eolaíoch, sochaíoch, eacnamaíoch agus ábhartha ó thaobh beartais de a bheidh ag an gComhghnóthas. Áireofar iontu freisin measúnú ar an modh idirghabhála beartais is éifeachtaí maidir le haon ghníomhaíocht a dhéanfar sa todhchaí, mar aon le hábharthacht agus comhleanúnachas aon athnuachana a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an gComhghnóthas i dtimpeallacht fhoriomlán na gComhpháirtíochtaí Eorpacha agus a cuid tosaíochtaí beartais.
|
|
Airteagal 24 5.
|
Ar bhonn torthaí na meastóireachta eatramhaí dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún gníomhú i gcomhréir le hAirteagal 7(7) nó féadfaidh sé aon ghníomh iomchuí eile a dhéanamh.
|
|
Airteagal 24 6.
|
Féadfaidh an Coimisiún meastóireachtaí breise a dhéanamh ar théamaí nó ar ábhair atá ábhartha go straitéiseach, le cúnamh ó shaineolaithe neamhspleácha arna roghnú ar bhonn próiseas trédhearcach, chun scrúdú a dhéanamh ar an dul chun cinn a rinne an Comhghnóthas i dtreo na gcuspóirí a leagtar síos, agus na tosca a rannchuidíonn le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a shainaithint agus dea-chleachtais a shainaithint freisin. Ach na meastóireachtaí breise sin a dhéanamh, déanfaidh an Coimisiún a mhachnamh iomlán ar thionchar riaracháin an Chomhghnóthais.
|
|
Airteagal 24 7.
|
Déanfaidh an Comhghnóthas athbhreithnithe tréimhsiúla ar a chuid gníomhaíochtaí chun faisnéis a fháil don mheastóireachta eatramhach agus don mheastóireacht deiridh ar an gComhghnóthas mar chuid de na meastóireachtaí de chuid Fís Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 52 de Rialachán (AE) 2021/695.
|
|
Airteagal 24 8.
|
Tabharfaidh na hathbhreithnithe tréimhsiúla agus na meastóireachtaí faisnéis d’fhoirceannadh nó d’athnuachan féideartha an Chomhghnóthais, ag teacht le hIarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán 2021/695. Laistigh de 6 mhí ó fhoirceannadh an Chomhghnóthais, ach tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis an nós imeachta foirceanta dá dtagraítear in Airteagal 23 de na Reachtanna a thionscnamh, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gComhghnóthas. Cuirfear torthaí na meastóireachta deiridh sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
|
|
Airteagal 24 9.
|
Déanfaidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí ar an gComhghnóthas, ina n-áireofar torthaí na meastóireachta agus breathnuithe a dhéanfaidh an Coimisiún, a fhoilsiú agus a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún mar chuid de na meastóireachtaí de chuid Fís Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 52 de Rialachán (AE) 2021/695.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R1173
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|