+Airteagal 28 Leasanna airgeadais na gcomhaltaí a chosaint
---+Airteagal 28 1.
---+Airteagal 28 2.
---+Airteagal 28 3.
---+Airteagal 28 4.
---+Airteagal 28 5.

Airteagal 28 Leasanna airgeadais na gcomhaltaí a chosaint

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 28 1.
Déanfaidh an Comhghnóthas rochtain a dheonú d’fhoireann an Choimisiúin agus do dhaoine eile a údaróidh an Comhghnóthas nó an Coimisiún faoi seach, chomh maith leis an gCúirt Iniúchóirí, nó, chun críoch an iniúchta dá dtagraítear in Airteagal 8(3), d’údaráis iniúchóireachta na Stát Rannpháirteach, ar a chuid láithreán agus áitreabh agus ar an bhfaisnéis go léir, lena n-áirítear faisnéis i bhformáid leictreonach, a theastóidh uathu chun a gcuid iniúchóireachta a dhéanamh.
Airteagal 28 2.
Féadfaidh OLAF agus OIPE imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ( 7 ) ón gComhairle agus Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 ) agus d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú, nó le cinneadh nó conradh a mhaoinítear faoin Rialachán seo.
Airteagal 28 3.
Gan dochar do mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, beidh forálacha sna comhaontuithe, sna cinntí agus sna conarthaí a eascróidh ón Rialachán seo a chur chun feidhme, lena dtabharfar an chumhacht go sainráite don Choimisiún, don Chomhghnóthas faoi seach, don Chúirt Iniúchóirí, do OIPE agus do OLAF, agus, chun críoch an iniúchta dá dtagraítear in Airteagal 8(3), d’údaráis iniúchóireachta na Stát Rannpháirteach, na hiniúchtaí, seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.
Airteagal 28 4.
Áiritheoidh an Comhghnóthas go dtabharfar cosaint leordhóthanach do leasanna airgeadais a chuid comhaltaí trí rialuithe inmheánacha agus seachtracha iomchuí a chur i gcrích nó trína gcoimisiúnú.
Airteagal 28 5.
Aontóidh an Comhghnóthas do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) ( 9 ). Glacfaidh an Comhghnóthas na bearta riachtanacha is gá chun imscrúduithe inmheánacha a chuirfidh OLAF i gcrích a éascú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R1173
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.