4. Beidh feidhm ag na rialacha faoi mhuirir ar fhánaíocht mhórdhíola rialáilte a leagtar síos in Airteagal 9, Airteagal 10 agus Airteagal 11 maidir le rochtain a sholáthar ar chomhpháirteanna uile na rochtana ar fhánaíocht mhórdhíola dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, mura n-aontóidh an dá pháirtí sa chomhaontú fánaíochta mórdhíola go sainráite nach mbeidh aon mheánmhuirear fánaíochta mórdhíola de thoradh chur i bhfeidhm an chomhaontaithe faoi réir an mhuirir uasta fánaíochta mórdhíola rialáilte ar feadh thréimhse bhailíochta an chomhaontaithe.
Gan dochar don chéad fhomhír den mhír seo, i gcás rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola lena hathdhíol, féadfaidh oibreoirí líonraí soghluaiste praghsanna córa agus réasúnacha a mhuirearú ar chomhpháirteanna nach gcumhdaítear le mír 3.