1. Ní dhéanfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta aon fhormhuirear a thobhach sa bhreis ar an bpraghas miondíola baile ar chustaiméirí seirbhísí fánaíochta i mBallstát ar bith as aon ghlaonna fánaíochta rialáilte a dhéantar nó a fhaightear, as aon teachtaireachtaí SMS fánaíochta rialáilte a sheoltar ná as aon seirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte a úsáidtear, ná ní thoibheoidh siad aon mhuirear ginearálta lena gcumasófar an trealamh teirminéil nó an tseirbhís teirminéil a úsáid thar lear, faoi réir Airteagal 5 agus Airteagal 6.