2. Ní thairgfidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte faoi dhálaí nach bhfuil chomh fabhrach leis na dálaí sin a thairgtear sa bhaile, go háirithe i dtéarmaí cháilíocht na seirbhíse dá bhforáiltear sa chonradh miondíola, i gcás ina bhfuil an ghlúin chéanna de líonraí agus teicneolaíochtaí cumarsáide soghluaiste ar fáil ar an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air.
Seachnóidh oibreoirí cumarsáide soghluaiste moilleanna míréasúnacha ar aistrithe idir líonraí ag trasnuithe teorann inmheánacha an Aontais.