1. In imthosca sonracha agus eisceachtúla, d’fhonn inbhuanaitheacht a shamhla muirearaithe baile a áirithiú, i gcás nach féidir le soláthraí seirbhísí fánaíochta a chuid costas iomlán iarbhír agus a chuid costas réamh-mheasta a bhaineann le seirbhísí fánaíochta rialáilte a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 4 agus Airteagal 5 a aisghabháil as a ioncam foriomlán iarbhír agus réamh-mheasta ó na seirbhísí sin a sholáthar, féadfaidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta sin iarratas a dhéanamh ar údarú formhuirear a chur i bhfeidhm. Ní chuirfear an formhuirear sin i bhfeidhm ach a mhéid is gá chun aisghabháil a dhéanamh ar na costais a bhaineann le seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthar, ag féachaint do na muirir uasta mhórdhíola is infheidhme.