+Airteagal 7 Cur chun feidhme beartais maidir le húsáid chóir agus an tsásra inbhuanaitheachta
---+Airteagal 7 1
---+Airteagal 7 2
---+Airteagal 7 3
---+Airteagal 7 4
---+Airteagal 7 5
|
Airteagal 7 Cur chun feidhme beartais maidir le húsáid chóir agus an tsásra inbhuanaitheachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7 1
|
1. Chun a áirithiú go mbeidh Airteagal 5 agus Airteagal 6 á gcur i bhfeidhm go comhsheasmhach, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le BEREC, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos rialacha mionsonraithe maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a)
|
cur i bhfeidhm beartas maidir le húsáid chóir;
|
|
(b)
|
an mhodheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht an tsoláthair seirbhísí fánaíochta miondíola ar phraghsanna baile; agus
|
|
(c)
|
an t-iarratas nach mór do sholáthraí seirbhísí fánaíochta a thíolacadh chun críocha an mheasúnaithe dá dtagraítear i bpointe (b).
|
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 20(2).
Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le BEREC, athbhreithniú tréimhsiúil ar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír i bhfianaise forbairtí ar an margadh.
|
|
Airteagal 7 2
|
2. Agus gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos rialacha mionsonraithe i ndáil le cur i bhfeidhm beartas maidir le húsáid chóir á nglacadh aige, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas san áireamh:
|
(a)
|
an fhorbairt ar phatrúin phraghsála agus tomhaltais sna Ballstáit;
|
|
(b)
|
an méid cóineasaithe atá idir leibhéil na bpraghsanna baile ar fud an Aontais;
|
|
(c)
|
na patrúin taistil san Aontas;
|
|
(d)
|
aon rioscaí inbhraite go saobhfar dreasachtaí iomaíochta agus infheistíochta sna margaí baile nó sna margaí a bhfuil cuairt á tabhairt orthu.
|
|
|
Airteagal 7 3
|
3. Bunóidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, pointe (b) agus pointe (c), ar an méid seo a leanas:
|
(a)
|
cinneadh na gcostas iomlán iarbhír agus réamh-mheasta a bhaineann le seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthar trí thagairt do na rátaí éifeachtacha fánaíochta mórdhíola do thrácht neamhchothromaithe agus cion réasúnach na gcostas comhpháirteach agus na gcostas comhchoiteann is gá chun seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthar;
|
|
(b)
|
cinneadh na n-ioncam iomlán iarbhír agus réamh-mheasta ó sheirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthar;
|
|
(c)
|
tomhaltas na seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte agus tomhaltas baile ag custaiméirí an tsoláthraí seirbhísí fánaíochta;
|
|
(d)
|
leibhéal na hiomaíochta, na bpraghsanna agus na n-ioncam sa mhargadh baile, agus aon riosca inbhraite go ndéanfaí difear suntasach d’fhorbairt ar na praghsanna sin trí fhánaíocht ar phraghsanna miondíola baile.
|
|
|
Airteagal 7 4
|
4. Déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta agus, i gcás inarb infheidhme maidir le feidhmiú na gcumhachtaí arna dtabhairt dóibh leis an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 2018/1972, údaráis inniúla eile dianfhaireachán agus dianmhaoirseacht ar chur i bhfeidhm beartas maidir le húsáid chóir. Déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta dianfhaireachán agus dianmhaoirseacht ar chur i bhfeidhm na mbeart maidir le hinbhuanaitheacht soláthar seirbhísí fánaíochta miondíola ar phraghsanna baile, agus lánaird á tabhairt ar na tosca oibiachtúla ábhartha a bhaineann go sonrach leis an mBallstát lena mbaineann agus ar na héagsúlachtaí ábhartha oibiachtúla idir soláthraithe seirbhísí fánaíochta. Gan dochar don nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 6(3), déanfaidh an t-údarás náisiúnta rialála ceanglais Airteagal 5 agus Airteagal 6 agus na gníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo, a fhorfheidhmiú ar bhonn tráthúil. Féadfaidh an t-údarás náisiúnta rialála, tráth ar bith, a cheangal ar an soláthraí seirbhísí fánaíochta an formhuirear a leasú nó gan leanúint de más rud é nach gcomhlíontar Airteagal 5 nó 6 leis.
Déanfaidh údaráis inniúla eile ceanglais Airteagal 5 agus ceanglais na ngníomhartha cur chun feidhme atá ábhartha maidir le feidhmiú na gcumhachtaí arna dtabhairt dóibh leis an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 2018/1972, de réir mar a bheidh, a fhorfheidhmiú.
Cuirfidh an t-údarás rialála náisiúnta agus, i gcás inarb infheidhme, údaráis inniúla eile an Coimisiún ar an eolas go bliantúil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 5 agus Airteagal 6, agus maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo.
|
|
Airteagal 7 5
|
5. Leanfaidh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2286 d’fheidhm a bheith aige go dtí dáta cur i bhfeidhm gnímh nua cur chun feidhme a ghlactar de bhun mhír 1 den Airteagal seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 13.04.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022R0612
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|