2. Féadfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta taraif fánaíochta a thairiscint seachas ceann a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 6 agus mír 1 den Airteagal seo, agus féadfaidh custaiméirí seirbhísí fánaíochta an taraif fánaíochta sin a roghnú d’aon ghnó, chun go mbainfidh custaiméirí seirbhísí fánaíochta leas as taraif dhifriúil ar sheirbhís fánaíochta rialáilte seachas an ceann a thabharfaí dóibh mura mbeadh rogha den sórt ann. Cuirfidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta i gcuimhne do na custaiméirí seirbhísí fánaíochta sin cineál na mbuntáistí ar sheirbhísí fánaíochta a chaillfí dá ndéanfaí amhlaidh.
Gan dochar don chéad fhomhír, cuirfidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta taraif a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 4 agus Airteagal 5, agus le mír 1 den Airteagal seo, i bhfeidhm go huathoibríoch maidir leis na custaiméirí seirbhísí fánaíochta ar fad atá ann cheana agus atá nua.
Féadfaidh aon chustaiméir seirbhísí fánaíochta a iarraidh, tráth ar bith, go n-athrófaí go dtí nó ón taraif a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 6 agus le mír 1 den Airteagal seo. I gcás custaiméirí seirbhísí fánaíochta a dhéanann an rogha athrú d’aon ghnó chuig taraif a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 6 agus le mír 1 den Airteagal seo nó athrú ar ais chuig an taraif sin, déanfar aon athrú laistigh de lá amháin oibre tar éis an iarraidh a fháil agus déanfar é saor in aisce agus ní bheidh coinníollacha ná srianta ag gabháil leis maidir le gnéithe eile de na síntiúis seachas fánaíocht. Féadfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta moill a chur ar athrú go dtí go mbeidh an taraif fánaíochta a bhí ann roimhe sin i bhfeidhm ar feadh tréimhse íosta sonraithe nach rachaidh thar 2 mhí.