+Airteagal 8 Cur i bhfeidhm eisceachtúil formhuirear miondíola chun seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a thomhailt agus taraifí malartacha a sholáthar
---+Airteagal 8 1
---+Airteagal 8 2
---+Airteagal 8 3
---+Airteagal 8 4
---+Airteagal 8 5
---+Airteagal 8 6
|
Airteagal 8 Cur i bhfeidhm eisceachtúil formhuirear miondíola chun seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a thomhailt agus taraifí malartacha a sholáthar
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1
|
1. Gan dochar don tríú fomhír, i gcás ina gcuireann soláthraí seirbhísí fánaíochta formhuirear i bhfeidhm maidir le tomhaltas seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte atá sa bhreis ar aon teorainneacha a shocraítear leis an mbeartas maidir le húsáid chóir, comhlíonfaidh sé na ceanglais seo a leanas, gan CBL a áireamh:
|
(a)
|
aon fhormhuirear atá i bhfeidhm chun glaonna fánaíochta rialáilte a dhéanamh, teachtaireachtaí SMS fánaíochta rialáilte a sheoladh agus seirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte, ní rachaidh sé thar an muirear uasta mórdhíola dá bhforáiltear in Airteagal 9(2), Airteagal 10(1) agus Airteagal 11(1), faoi seach;
|
|
(b)
|
aon fhormhuirear atá i bhfeidhm maidir le glaonna fánaíochta rialáilte a fhaightear, ní rachaidh sé thar na huasrátaí foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna soghluaiste arna socrú don bhliain sin i gcomhréir le hAirteagal 75(1) de Threoir (AE) 2018/1972.
|
Maidir leis an gcéad fhomhír, pointe (b), den mhír seo, i gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, tar éis dó athbhreithniú a dhéanamh ar an ngníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 75(1) de Threoir (AE) 2018/1972, nach bhfuil gá a thuilleadh le ráta foirceanta uile-Aontais do ghuthghlaonna a shocrú agus i gcás ina gcinnfidh sé gan uasráta foirceanta do ghuthghlaonna a fhorchur, ní rachaidh aon fhormhuirear a chuirfear i bhfeidhm le haghaidh glaonna fánaíochta rialáilte a fhaightear thar an ráta a shocraítear leis an ngníomh tarmligthe is déanaí arna ghlacadh de bhun Airteagal 75 den Treoir sin.
Ní chuirfidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta aon fhormhuirear i bhfeidhm maidir le teachtaireacht SMS fánaíochta rialáilte nó teachtaireacht ghlórphoist fánaíochta a gheofar. Ní dochar an méid sin d’aon mhuirir eile is infheidhme, amhail muirir chun éisteacht le teachtaireachtaí den sórt sin.
Déanfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta muirear a ghearradh ar ghlaonna fánaíochta a dhéantar agus a fhaightear in aghaidh an tsoicind. Féadfaidh na soláthraithe seirbhísí fánaíochta tréimhse íosta muirir tosaigh nach mó ná 30 soicind a chur i bhfeidhm maidir le glaonna a dhéantar. Gearrfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta muirear ar a gcustaiméirí as seirbhís fánaíochta rialáilte a sholáthar ar bhonn ráta in aghaidh an chilibhirt, seachas teachtaireachtaí MMS a bhféadfar muirear a ghearradh ina leith in aghaidh an aonaid. I gcás den sórt sin, an muirear fánaíochta miondíola a fhéadfaidh soláthraí seirbhísí fánaíochta a thobhach ar a chustaiméir seirbhísí fánaíochta as teachtaireacht MMS fánaíochta a tharchur nó a fháil, ní rachaidh sé thar an muirear uasta fánaíochta miondíola a leagtar amach do sheirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte sa chéad fhomhír.
|
|
Airteagal 8 2
|
2. Féadfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta taraif fánaíochta a thairiscint seachas ceann a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 6 agus mír 1 den Airteagal seo, agus féadfaidh custaiméirí seirbhísí fánaíochta an taraif fánaíochta sin a roghnú d’aon ghnó, chun go mbainfidh custaiméirí seirbhísí fánaíochta leas as taraif dhifriúil ar sheirbhís fánaíochta rialáilte seachas an ceann a thabharfaí dóibh mura mbeadh rogha den sórt ann. Cuirfidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta i gcuimhne do na custaiméirí seirbhísí fánaíochta sin cineál na mbuntáistí ar sheirbhísí fánaíochta a chaillfí dá ndéanfaí amhlaidh.
Gan dochar don chéad fhomhír, cuirfidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta taraif a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 4 agus Airteagal 5, agus le mír 1 den Airteagal seo, i bhfeidhm go huathoibríoch maidir leis na custaiméirí seirbhísí fánaíochta ar fad atá ann cheana agus atá nua.
Féadfaidh aon chustaiméir seirbhísí fánaíochta a iarraidh, tráth ar bith, go n-athrófaí go dtí nó ón taraif a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 6 agus le mír 1 den Airteagal seo. I gcás custaiméirí seirbhísí fánaíochta a dhéanann an rogha athrú d’aon ghnó chuig taraif a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 6 agus le mír 1 den Airteagal seo nó athrú ar ais chuig an taraif sin, déanfar aon athrú laistigh de lá amháin oibre tar éis an iarraidh a fháil agus déanfar é saor in aisce agus ní bheidh coinníollacha ná srianta ag gabháil leis maidir le gnéithe eile de na síntiúis seachas fánaíocht. Féadfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta moill a chur ar athrú go dtí go mbeidh an taraif fánaíochta a bhí ann roimhe sin i bhfeidhm ar feadh tréimhse íosta sonraithe nach rachaidh thar 2 mhí.
|
|
Airteagal 8 3
|
3. Gan dochar do Chuid III, Teideal III, de Threoir (AE) 2018/1972, áiritheoidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta go sonrófar i gconradh miondíola ina n-áirítear seirbhís fánaíochta miondíola rialáilte d’aon chineál saintréithe na seirbhíse fánaíochta miondíola rialáilte sin a sholáthraítear, lena n-áirítear go háirithe:
|
(a)
|
an plean taraife nó na pleananna taraife ar leith agus, do gach ceann de na pleananna taraife, na cineálacha seirbhísí a thairgtear agus toirteanna na cumarsáide san áireamh;
|
|
(b)
|
aon srianta arna bhforchur ar thomhaltas seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte a sholáthraítear ar leibhéal na bpraghsanna miondíola baile is infheidhme, go háirithe faisnéis chainníochtaithe maidir leis an gcaoi a gcuirtear aon bheartas maidir le húsáid chóir i bhfeidhm trí thagairt a dhéanamh do na príomh-pharaiméadair phraghsála, toirte nó eile a bhaineann leis an tseirbhís fánaíochta miondíola rialáilte lena mbaineann;
|
|
(c)
|
faisnéis shoiléir agus intuigthe faoi choinníollacha agus cáilíocht na seirbhíse fánaíochta agus fánaíocht á déanamh laistigh den Aontas i gcomhréir le treoirlínte BEREC dá dtagraítear i mír 6.
|
|
|
Airteagal 8 4
|
4. Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta go soláthrófar i gconradh miondíola ina n-áirítear seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte d’aon chineál faisnéis faoi na cineálacha seirbhísí a d’fhéadfadh a bheith faoi réir muirir mhéadaithe agus fánaíocht á déanamh, gan dochar d’Airteagal 97 de Threoir (AE) 2018/1972.
|
|
Airteagal 8 5
|
5. Foilseoidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 agus mír 4.
Ina theannta sin, foilseoidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta faisnéis faoi na cúiseanna a bhféadfaí an tseirbhís fánaíochta a thairiscint faoi choinníollacha nach bhfuil chomh tairbheach leo siúd a thairgtear sa bhaile. Áireofar san fhaisnéis sin tosca a bhféadfaidh tionchar a bheith acu ar cháilíocht na seirbhíse fánaíochta a bhfuil síntiús ag an gcustaiméir seirbhísí fánaíochta ina leith, amhail glúnta agus teicneolaíochtaí líonra atá ar fáil don chustaiméir fánaíochta i mBallstát a bhfuil cuairt á tabhairt air.
|
|
Airteagal 8 6
|
6. Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, faoin 1 Eanáir 2023, tar éis dó dul i gcomhairle le geallsealbhóirí agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, déanfaidh BEREC nuashonrú ar a threoirlínte fánaíochta miondíola, go háirithe maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo agus na mbeart trédhearcachta dá dtagraítear in Airteagal 13, Airteagal 14 agus Airteagal 15.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 13.04.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022R0612
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|