3. Déanfar an meánmhuirear mórdhíola dá dtagraítear i mír 1 a ríomh tríd an ioncam iomlán a fhaightear ó fhánaíocht mhórdhíola a roinnt ar líon iomlán na nóiméad fánaíochta mórdhíola a úsáideann an t-oibreoir ábhartha go hiarbhír chun glaonna fánaíochta mórdhíola a sholáthar laistigh den Aontas sa tréimhse ábhartha, arna chomhiomlánú mar shuim in aghaidh an tsoicind arna coigeartú chun aird a thabhairt ar an bhféidearthacht go ndéanfaidh oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air tréimhse íosta muirir tosaigh nach faide ná 30 soicind a chur i bhfeidhm.