3. Déanfar an meánmhuirear mórdhíola dá dtagraítear i mír 1 a ríomh tríd an ioncam mórdhíola iomlán a fhaigheann oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air nó oibreoir an líonra baile as seirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte a sholáthar sa tréimhse ábhartha a roinnt ar líon iomlán na meigibheart sonraí a thomhlaítear go hiarbhír trí na seirbhísí sin a sholáthar laistigh den tréimhse sin, arna gcomhiomlánú ar bhonn ráta in aghaidh an chilibhirt thar ceann an tsoláthraí seirbhísí fánaíochta ábhartha nó oibreoir ábhartha an líonra baile laistigh den tréimhse sin.