|
+Airteagal 14 4 |
Airteagal 14 44. Tabharfaidh gach soláthraí seirbhísí fánaíochta rochtain saor in aisce dá chuid custaiméirí seirbhísí fánaíochta go léir ar shaoráid lena soláthraítear, ar bhealach tráthúil, faisnéis faoin tomhaltas carnaithe arna sloinneadh de réir toirte nó san airgeadra ina ndéantar an custaiméir seirbhísí fánaíochta a bhilleáil i leith seirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte agus ar saoráid í trína ráthaítear nach dtarlóidh sé, gan toiliú sainráite ón gcustaiméir, go rachaidh an caiteachas carnaithe ar sheirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte i rith tréimhse shonraithe úsáide, seachas teachtaireachtaí MMS a dtugtar bille in aghaidh an aonaid ina leith, thar theorainn shonraithe airgeadais. Féadfaidh custaiméirí fógra a thabhairt don soláthraí seirbhísí fánaíochta nach bhfuil rochtain ar shaoráid den sórt sin ag teastáil uathu. Chuige sin, déanfaidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta uasteorainn airgeadais amháin nó níos mó le haghaidh tréimhsí sonraithe úsáide a chur ar fáil, ar choinníoll go gcuirtear na méideanna comhfhreagracha toirte in iúl don chustaiméir roimh ré. Beidh ceann de na teorainneacha sin (an teorainn airgeadais réamhshocraithe) gar do EUR 50 de mhuirir gan íoc in aghaidh na tréimhse billeála míosúla, gan CBL a áireamh, ach ní rachaidh sé thar an tsuim sin. Mar mhalairt air sin, féadfaidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta teorainneacha arna sloinneadh de réir toirte a bhunú, ar choinníoll go gcuirtear na méideanna airgeadais comhfhreagracha in iúl don chustaiméir roimh ré. Beidh luach airgeadais comhfhreagrach ag ceann de na teorainneacha sin (an teorainn toirte réamhshocraithe) ar luach é nach mó ná EUR 50 de mhuirir gan íoc in aghaidh na tréimhse billeála míosúla, gan CBL a áireamh. Chomh maith leis sin, féadfaidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta teorainneacha eile a thairiscint dá chuid custaiméirí seirbhísí fánaíochta ar teorainneacha iad lena ngabhann uasteorainneacha airgeadais míosúla atá éagsúil, is é sin le rá, níos airde nó níos ísle. Beidh na teorainneacha réamhshocraithe dá dtagraítear sa dara fomhír agus sa tríú fomhír infheidhme i leith na gcustaiméirí go léir nach bhfuil teorainn eile roghnaithe acu. Áiritheoidh gach soláthraí seirbhísí fánaíochta freisin go gcuirfear fógra iomchuí go díreach chuig gléas soghluaiste an chustaiméara seirbhísí fánaíochta, mar shampla trí bhíthin teachtaireacht SMS, ríomhphoist, teachtaireacht téacs nó trí fhuinneog aníos ar an ríomhaire, nuair a shroicheann na seirbhísí fánaíochta sonraí 80 % den teorainn airgeadais nó den teorainn toirte atá comhaontaithe. Beidh sé de cheart ag gach custaiméir a cheangal ar an soláthraí seirbhísí fánaíochta stopadh d’fhógraí den sórt sin a sheoladh chucu agus beidh sé de cheart aige, tráth ar bith agus saor in aisce, a cheangal ar an soláthraí seirbhísí fánaíochta an tseirbhís sin a sholáthar arís. I gcás, ar shlí eile, ina rachfar thar an teorainn airgeadais nó thar an teorainn toirte, déanfar fógra a sheoladh chuig gléas soghluaiste an chustaiméara seirbhísí fánaíochta. I gcás ina ndéanfaidh custaiméir seirbhísí fánaíochta atá faoi réir teorainn airgeadais réamhshocraithe nó teorainn toirte réamhshocraithe dá dtagraítear sa chúigiú fomhír breis agus EUR 100 a thomhailt in aon tréimhse bhilleála mhíosúil amháin, gan CBL a áireamh, seolfar fógra breise chuig gléas soghluaiste an chustaiméara seirbhísí fánaíochta sin. Léireoidh na fógraí sin an nós imeachta atá le leanúint más mian leis an gcustaiméir go leanfar de sholáthar na seirbhísí sin agus an costas a bhaineann le gach aonad breise a thomhlaítear. Mura bhfreagraíonn an custaiméir seirbhísí fánaíochta de réir mar a iarrtar san fhógra a fuarthas, scoirfidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta láithreach de sheirbhís fánaíochta sonraí rialáilte a sholáthar don chustaiméir seirbhísí fánaíochta, agus de mhuirear a ghearradh ar na seirbhísí sin, mura rud é go n-iarrann an custaiméir seirbhísí fánaíochta go leanfar de sholáthar na seirbhísí sin nó go ndéanfar soláthar na seirbhísí sin a athnuachan agus go dtí go ndéanann sé amhlaidh. Aon uair a iarrann custaiméir seirbhísí fánaíochta go mbainfí nó go n-athbhunófaí saoráid lena ngabhann teorainn airgeadais nó teorainn toirte, déanfar an t-athrú laistigh de 1 lá oibre amháin tar éis an iarraidh a fháil agus déanfar é saor in aisce agus ní bheidh coinníollacha ná srianta ann maidir le gnéithe eile den síntiús. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|