+Airteagal 14 Sásraí trédhearcachta agus coimirce maidir le seirbhísí fánaíochta sonraí miondíola
---+Airteagal 14 1
---+Airteagal 14 2
---+Airteagal 14 3
---+Airteagal 14 4
---+Airteagal 14 5
---+Airteagal 14 6
---+Airteagal 14 7
---+Airteagal 14 8
|
Airteagal 14 Sásraí trédhearcachta agus coimirce maidir le seirbhísí fánaíochta sonraí miondíola
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 14 1
|
1. Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta, sula ndéanfar conradh miondíola a thabhairt i gcrích agus ina dhiaidh sin, go gcoinneofar a gcuid custaiméirí seirbhísí fánaíochta ar an eolas ar shlí leormhaith faoi na muirir a ghabhann leis an úsáid a bhaineann siad as seirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte, agus tabharfar an t-eolas sin ar bhealaí ina n-éascaítear tuiscint na gcustaiméirí maidir leis na hiarmhairtí airgeadais a bhaineann le húsáid den sórt sin agus ar bhealaí ina gcuirtear ar a gcumas faireachán a dhéanamh ar a gcaiteachas ar sheirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte, agus an caiteachas sin a rialú, i gcomhréir le mír 2 agus mír 4.
I gcás inarb iomchuí, déanfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta a gcuid custaiméirí a chur ar an eolas, sula ndéanfar conradh miondíola a chur i gcrích agus ar bhonn tráthrialta dá éis sin, faoin riosca a bhaineann le cónascadh uathoibríoch fánaíochta sonraí agus le híoslódáil uathoibríoch fánaíochta sonraí agus nach ndéantar rialú ina leith. Thairis sin, tabharfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta fógra dá gcuid custaiméirí saor in aisce agus ar shlí shoiléir atá intuigthe go héasca, maidir le conas na cónaisc fánaíochta sonraí uathoibríocha sin a mhúchadh chun tomhaltas neamhrialaithe seirbhísí fánaíochta sonraí a sheachaint.
|
|
Airteagal 14 2
|
2. Trí theachtaireacht uathoibríoch ón soláthraí seirbhísí fánaíochta, cuirfear in iúl don chustaiméir seirbhísí fánaíochta go bhfuil sé ag baint úsáid as seirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte, agus soláthrófar faisnéis bhunúsach phearsantaithe taraife faoi na muirir in airgeadra an bhille baile arna sholáthar ag soláthraí baile an chustaiméara is infheidhme as seirbhísí fánaíochta sonraí a sholáthar don chustaiméir seirbhísí fánaíochta sin sa Bhallstát lena mbaineann, ach amháin i gcás ina bhfuil fógra tugtha ag an gcustaiméir don soláthraí seirbhísí fánaíochta nach dteastaíonn an fhaisnéis sin uaidh.
Áireofar san fhaisnéis bhunúsach phearsantaithe taraife sin faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
aon bheartas maidir le húsáid chóir a bhfuil an custaiméir fánaíochta faoina réir laistigh den Aontas agus na formhuirir a bhfuil feidhm acu sa bhreis ar an mbeartas sin maidir le húsáid chóir; agus
|
|
(b)
|
aon fhormhuirear a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 6.
|
Déanfar an fhaisnéis a sheachadadh go díreach ar ghléas soghluaiste an chustaiméara seirbhísí fánaíochta, mar shampla le teachtaireacht SMS, le ríomhphost, le teachtaireacht téacs nó le fuinneog aníos ar an ngléas soghluaiste, gach uair a théann custaiméir seirbhísí fánaíochta isteach i mBallstát seachas Ballstát a sholáthraí baile agus a chuireann sé tús den chéad uair le seirbhís fánaíochta sonraí rialáilte sa Bhallstát áirithe sin. Soláthrófar an fhaisnéis sin saor in aisce tráth a gcuireann an custaiméir seirbhísí fánaíochta tús le seirbhís fánaíochta sonraí rialáilte, ar mhodh iomchuí arna oiriúnú chun go mbeidh sé éasca í a fháil agus a thuiscint.
Beidh sé de cheart ag custaiméir a mbeidh fógra tugtha aige dá sholáthraí seirbhísí fánaíochta nach mbeidh an fhaisnéis taraife uathoibríoch ag teastáil uaidh a cheangal ar an soláthraí seirbhísí fánaíochta, tráth ar bith agus saor in aisce, an tseirbhís sin a sholáthar arís.
|
|
Airteagal 14 3
|
3. Tabharfaidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta fógra nuair a bheidh an toirt is infheidhme maidir le húsáid chóir de sheirbhís fánaíochta sonraí rialáilte tomhailte go hiomlán nó nuair a shroichfear aon tairseach úsáide eile arna chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 6. Léireofar leis an bhfógra sin formhuirear a chuirfear i bhfeidhm maidir le haon tomhaltas sa bhreis de sheirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte ag an gcustaiméir seirbhísí fánaíochta. Beidh sé de cheart ag gach custaiméir a cheangal ar an soláthraí seirbhísí fánaíochta stopadh d’fhógraí den sórt sin a sheoladh chucu agus beidh sé de cheart acu, tráth ar bith agus saor in aisce, a cheangal ar an soláthraí seirbhísí fánaíochta an tseirbhís sin a sholáthar arís.
|
|
Airteagal 14 4
|
4. Tabharfaidh gach soláthraí seirbhísí fánaíochta rochtain saor in aisce dá chuid custaiméirí seirbhísí fánaíochta go léir ar shaoráid lena soláthraítear, ar bhealach tráthúil, faisnéis faoin tomhaltas carnaithe arna sloinneadh de réir toirte nó san airgeadra ina ndéantar an custaiméir seirbhísí fánaíochta a bhilleáil i leith seirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte agus ar saoráid í trína ráthaítear nach dtarlóidh sé, gan toiliú sainráite ón gcustaiméir, go rachaidh an caiteachas carnaithe ar sheirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte i rith tréimhse shonraithe úsáide, seachas teachtaireachtaí MMS a dtugtar bille in aghaidh an aonaid ina leith, thar theorainn shonraithe airgeadais. Féadfaidh custaiméirí fógra a thabhairt don soláthraí seirbhísí fánaíochta nach bhfuil rochtain ar shaoráid den sórt sin ag teastáil uathu.
Chuige sin, déanfaidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta uasteorainn airgeadais amháin nó níos mó le haghaidh tréimhsí sonraithe úsáide a chur ar fáil, ar choinníoll go gcuirtear na méideanna comhfhreagracha toirte in iúl don chustaiméir roimh ré. Beidh ceann de na teorainneacha sin (an teorainn airgeadais réamhshocraithe) gar do EUR 50 de mhuirir gan íoc in aghaidh na tréimhse billeála míosúla, gan CBL a áireamh, ach ní rachaidh sé thar an tsuim sin.
Mar mhalairt air sin, féadfaidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta teorainneacha arna sloinneadh de réir toirte a bhunú, ar choinníoll go gcuirtear na méideanna airgeadais comhfhreagracha in iúl don chustaiméir roimh ré. Beidh luach airgeadais comhfhreagrach ag ceann de na teorainneacha sin (an teorainn toirte réamhshocraithe) ar luach é nach mó ná EUR 50 de mhuirir gan íoc in aghaidh na tréimhse billeála míosúla, gan CBL a áireamh.
Chomh maith leis sin, féadfaidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta teorainneacha eile a thairiscint dá chuid custaiméirí seirbhísí fánaíochta ar teorainneacha iad lena ngabhann uasteorainneacha airgeadais míosúla atá éagsúil, is é sin le rá, níos airde nó níos ísle.
Beidh na teorainneacha réamhshocraithe dá dtagraítear sa dara fomhír agus sa tríú fomhír infheidhme i leith na gcustaiméirí go léir nach bhfuil teorainn eile roghnaithe acu.
Áiritheoidh gach soláthraí seirbhísí fánaíochta freisin go gcuirfear fógra iomchuí go díreach chuig gléas soghluaiste an chustaiméara seirbhísí fánaíochta, mar shampla trí bhíthin teachtaireacht SMS, ríomhphoist, teachtaireacht téacs nó trí fhuinneog aníos ar an ríomhaire, nuair a shroicheann na seirbhísí fánaíochta sonraí 80 % den teorainn airgeadais nó den teorainn toirte atá comhaontaithe. Beidh sé de cheart ag gach custaiméir a cheangal ar an soláthraí seirbhísí fánaíochta stopadh d’fhógraí den sórt sin a sheoladh chucu agus beidh sé de cheart aige, tráth ar bith agus saor in aisce, a cheangal ar an soláthraí seirbhísí fánaíochta an tseirbhís sin a sholáthar arís.
I gcás, ar shlí eile, ina rachfar thar an teorainn airgeadais nó thar an teorainn toirte, déanfar fógra a sheoladh chuig gléas soghluaiste an chustaiméara seirbhísí fánaíochta. I gcás ina ndéanfaidh custaiméir seirbhísí fánaíochta atá faoi réir teorainn airgeadais réamhshocraithe nó teorainn toirte réamhshocraithe dá dtagraítear sa chúigiú fomhír breis agus EUR 100 a thomhailt in aon tréimhse bhilleála mhíosúil amháin, gan CBL a áireamh, seolfar fógra breise chuig gléas soghluaiste an chustaiméara seirbhísí fánaíochta sin. Léireoidh na fógraí sin an nós imeachta atá le leanúint más mian leis an gcustaiméir go leanfar de sholáthar na seirbhísí sin agus an costas a bhaineann le gach aonad breise a thomhlaítear. Mura bhfreagraíonn an custaiméir seirbhísí fánaíochta de réir mar a iarrtar san fhógra a fuarthas, scoirfidh an soláthraí seirbhísí fánaíochta láithreach de sheirbhís fánaíochta sonraí rialáilte a sholáthar don chustaiméir seirbhísí fánaíochta, agus de mhuirear a ghearradh ar na seirbhísí sin, mura rud é go n-iarrann an custaiméir seirbhísí fánaíochta go leanfar de sholáthar na seirbhísí sin nó go ndéanfar soláthar na seirbhísí sin a athnuachan agus go dtí go ndéanann sé amhlaidh.
Aon uair a iarrann custaiméir seirbhísí fánaíochta go mbainfí nó go n-athbhunófaí saoráid lena ngabhann teorainn airgeadais nó teorainn toirte, déanfar an t-athrú laistigh de 1 lá oibre amháin tar éis an iarraidh a fháil agus déanfar é saor in aisce agus ní bheidh coinníollacha ná srianta ann maidir le gnéithe eile den síntiús.
|
|
Airteagal 14 5
|
5. Ní bheidh feidhm ag mír 2 agus mír 4 maidir le gléasanna de chineál meaisín le meaisín ar gléasanna iad a bhaineann úsáid as cumarsáid sonraí soghluaiste.
|
|
Airteagal 14 6
|
6. Glacfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta na céimeanna réasúnacha uile chun a gcuid custaiméirí a chosaint ar mhuirir fánaíochta a íoc ar sheirbhísí fánaíochta ar seirbhísí iad a ndearnadh rochtain neamhaireach ina leith agus na custaiméirí sin lonnaithe ina mBallstát baile. Áireofar leis sin custaiméirí a chur ar an eolas maidir le conas fánaíocht neamhaireach a sheachaint go héifeachtach i réigiúin teorann.
|
|
Airteagal 14 7
|
7. Glacfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta na céimeanna réasúnacha uile chun a gcuid custaiméirí a chosaint ar mhuirir bhreise a íoc ar sheirbhísí sonraí as nascadh go neamhaireach le líonraí neamh-thrastíre poiblí soghluaiste, trína chur ar chumas custaiméirí seirbhísí fánaíochta, mar shampla, diúltú do nascadh le líonraí neamh-thrastíre. I gcás ina dtairgfear sásra den sórt sin um rogha an diúltaithe, beidh sé de cheart ag an gcustaiméir rogha a dhéanamh ag am ar bith, go héasca agus saor in aisce gan líonraí neamh-thrastíre a úsáid agus a iarraidh go ndéanfar an nasc leis na líonraí sin a athbhunú.
|
|
Airteagal 14 8
|
8. Cé is moite de mhír 2, an dara fomhír, de mhír 3 agus de mhír 6, agus faoi réir an dara agus an tríú fomhír den mhír seo, beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin maidir le seirbhísí fánaíochta sonraí arna n-úsáid ag custaiméirí seirbhísí fánaíochta agus iad ag nascadh le líonraí neamh-thrastíre poiblí cumarsáide soghluaiste náisiúnta nó idirnáisiúnta arna soláthar ag soláthraí seirbhísí fánaíochta agus maidir le seirbhísí fánaíochta sonraí arna n-úsáid ag custaiméirí seirbhísí fánaíochta ag taisteal dóibh lasmuigh den Aontas agus arna soláthar ag soláthraí seirbhísí fánaíochta.
Maidir leis an tsaoráid dá dtagraítear i mír 4, an chéad fhomhír, ní bheidh feidhm ag na ceanglais dá bhforáiltear i mír 4 más rud é nach gceadaíonn oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air, sa tír lasmuigh den Aontas a bhfuil cuairt á tabhairt uirthi, don soláthraí seirbhísí fánaíochta faireachán a dhéanamh ar úsáid a chuid custaiméirí ar bhonn fíor-ama.
I gcás den sórt sin, tabharfar fógra don chustaiméir trí theachtaireacht SMS ag dul isteach sa tír sin dó, gan aon mhoill mhíchuí agus saor in aisce, nach bhfuil fáil ar fhaisnéis faoi thomhaltas carnaithe agus ar an ráthaíocht gan dul thar theorainn shonraithe airgeadais.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 13.04.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022R0612
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|