8. Cé is moite de mhír 2, an dara fomhír, de mhír 3 agus de mhír 6, agus faoi réir an dara agus an tríú fomhír den mhír seo, beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin maidir le seirbhísí fánaíochta sonraí arna n-úsáid ag custaiméirí seirbhísí fánaíochta agus iad ag nascadh le líonraí neamh-thrastíre poiblí cumarsáide soghluaiste náisiúnta nó idirnáisiúnta arna soláthar ag soláthraí seirbhísí fánaíochta agus maidir le seirbhísí fánaíochta sonraí arna n-úsáid ag custaiméirí seirbhísí fánaíochta ag taisteal dóibh lasmuigh den Aontas agus arna soláthar ag soláthraí seirbhísí fánaíochta.
Maidir leis an tsaoráid dá dtagraítear i mír 4, an chéad fhomhír, ní bheidh feidhm ag na ceanglais dá bhforáiltear i mír 4 más rud é nach gceadaíonn oibreoir an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air, sa tír lasmuigh den Aontas a bhfuil cuairt á tabhairt uirthi, don soláthraí seirbhísí fánaíochta faireachán a dhéanamh ar úsáid a chuid custaiméirí ar bhonn fíor-ama.
I gcás den sórt sin, tabharfar fógra don chustaiméir trí theachtaireacht SMS ag dul isteach sa tír sin dó, gan aon mhoill mhíchuí agus saor in aisce, nach bhfuil fáil ar fhaisnéis faoi thomhaltas carnaithe agus ar an ráthaíocht gan dul thar theorainn shonraithe airgeadais.