1. Déanfaidh údaráis rialála náisiúnta agus, i gcás inarb infheidhme, údaráis inniúla eile faireachán agus maoirseacht ar chomhlíonadh an Rialacháin seo laistigh dá gcríoch.
Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta dianmhaoirseacht agus dianfhaireachán ar na soláthraithe seirbhísí fánaíochta a bhaineann leas as Airteagal 5 agus Airteagal 6.
I gcás inarb infheidhme, déanfaidh údaráis inniúla eile faireachán agus maoirseacht ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo ag na hoibreoirí, ar oibleagáidí iad atá ábhartha maidir le feidhmiú na gcumhachtaí arna dtabhairt dóibh leis an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 2018/1972.