1. I gcás díospóid a bhaineann leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo idir gnóthais a bheidh ag soláthar líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí i mBallstát, beidh feidhm ag na nósanna imeachta um réiteach díospóide a leagtar síos in Airteagal 26 agus Airteagal 27 de Threoir (AE) 2018/1972.
Díospóidí idir oibreoirí an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air agus oibreoirí eile i dtaobh rátaí a chur i bhfeidhm ar na hionchuir is gá le haghaidh seirbhísí fánaíochta mórdhíola rialáilte a sholáthar, féadfar iad a tharchur don údarás rialála náisiúnta inniúil nó do na húdaráis de bhun Airteagal 26 agus Airteagal 27 de Threoir (AE) 2018/1972. Cuirfidh an t-údarás rialála náisiúnta inniúil nó na húdaráis rialála náisiúnta inniúla aon díospóid trasteorann in iúl do BEREC chun réiteach comhsheasmhach ar an díospóid a thabhairt i gcrích. I gcás ina rachfar i gcomhairle le BEREC, fanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta inniúil nó na húdaráis rialála náisiúnta inniúla le tuairim BEREC sula ndéanfaidh sé nó siad gníomh chun an díospóid a réiteach.