5. Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir an bhunaíocht ainmnithe nó an t-ionadaí dlíthiúil agus an soláthraí seirbhísí araon a chur faoi dhliteanas comhpháirteach agus leithleach i gcás neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí a eascraíonn ón gcreat dlíthiúil is infheidhme ar chinntí agus orduithe, a thagann faoin raon feidhme a leagtar síos in Airteagal 1(2), a fháil, ionas go bhféadfaidh gach ceann acu a bheith faoi réir pionóis i gcás neamhchomhlíonadh ag aon cheann acu. Go sonrach, áiritheoidh na Ballstáit nach féidir leis an soláthraí seirbhíse ná an bhunaíocht ainmnithe, ná an t-ionadaí dlíthiúil i gcás inarb infheidhme, úsáid a bhaint as an easpa nósanna imeachta inmheánacha iomchuí atá idir an soláthraí seirbhíse agus an bhunaíocht ainmnithe nó an t-ionadaí dlíthiúil mar bhonn cirt le neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí sin. Ní bheidh feidhm ag dliteanas comhpháirteach agus leithleach i gcás gníomhaíochtaí nó neamhghníomhaíochtaí an tsoláthraí seirbhíse ná na bunaíochta ainmnithe, ná an ionadaí dhlíthiúil i gcás inarb infheidhme, arb ionann iad agus cion coiriúil sa Bhallstát atá i mbun na pionóis a fhorchur.