+Airteagal 3 Bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh
---+Airteagal 3 1.
---+Airteagal 3 2.
---+Airteagal 3 3.
---+Airteagal 3 4.
---+Airteagal 3 5.
---+Airteagal 3 6.
|
Airteagal 3 Bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 1.
|
I gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar réitigh éifeachtúlachta fuinnimh, lena n-áirítear acmhainní ar thaobh an éilimh agus solúbthachtaí córais, a mheasúnú sna cinntí pleanála, beartais agus mórinfheistíochta dar luach níos mó ná EUR 100 000 000 euro an ceann nó EUR 175 000 000 le haghaidh tionscadail bonneagair iompair, a bhaineann leis na hearnálacha seo a leanas:
(b)
earnálacha neamhfhuinnimh, i gcás ina mbíonn tionchar ag na hearnálacha sin ar thomhaltas fuinnimh agus ar éifeachtúlacht fuinnimh amhail foirgnimh, iompar, uisce, teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC), talmhaíocht, agus na hearnálacha fuinnimh.
|
|
Airteagal 3 2.
|
Faoin 11 Deireadh Fómhair 2027, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na tairseacha a leagtar amach i mír 1, agus é mar aidhm leis athbhreithniú síos a dhéanamh orthu, agus forbairtí a d’fhéadfadh tarlú sa gheilleagar agus sa mhargadh fuinnimh á gcur san áireamh. Déanfaidh an Coimisiún, faoin 11 Deireadh Fómhair 2028, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé tograí reachtacha a thíolacadh.
|
|
Airteagal 3 3.
|
Agus an tAirteagal seo á chur i bhfeidhm, moltar do na Ballstáit Moladh (AE) 2021/1749 ón gCoimisiún (
4
) a chur san áireamh.
|
|
Airteagal 3 4.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla faireachán ar chur i bhfeidhm bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, comhtháthú earnála agus tionchair thrasearnála, i gcás ina bhfuil cinntí beartais, pleanála agus infheistíochta faoi réir ceanglas formheasa agus faireacháin.
|
|
Airteagal 3 5.
|
Agus bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh á chur i bhfeidhm acu, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
(a)
modheolaíochtaí costais is tairbhe a chur chun cinn agus, i gcás ina bhfuil gá le hanailísí costais is tairbhe, cur i bhfeidhm na modheolaíochtaí sin a áirithiú agus iad a chur ar fáil go poiblí, lena bhféadfar measúnú cuí a dhéanamh ar na tairbhí níos leithne a bhaineann le réitigh éifeachtúlachta fuinnimh i gcás inarb iomchuí, agus aird á tabhairt ar an saolré iomlán agus ar an bpeirspictíocht fhadtéarmach, ar an éifeachtúlacht córais agus costais, ar shlándáil an tsoláthair agus ar chainníochtú ó thaobh na sochaí, na sláinte, na heacnamaíochta agus na haeráidneodrachta de, ar an inbhuanaitheacht agus ar phrionsabail an gheilleagair chiorclaigh san aistriú chuig aeráidneodracht;
(b)
aghaidh a thabhairt ar an tionchar ar an mbochtaineacht fuinnimh;
(c)
eintiteas nó eintitis a shainaithint a bheidh freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus thionchar na gcreataí rialála, lena n-áirítear rialacháin airgeadais, na gcinntí pleanála, beartas agus mórinfheistíochta, dá dtagraítear i mír 1 ar thomhaltas fuinnimh, ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar chórais fuinnimh;
(d)
tuarascáil a chur chuig an gCoimisiún, mar chuid de na tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn a thíolacann siad de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999, maidir leis an gcaoi ar cuireadh bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh san áireamh sna cinntí náisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, sna cinntí réigiúnacha agus áitiúla maidir le pleanáil, beartas agus mórinfheistíocht a bhaineann leis na córais fuinnimh náisiúnta agus réigiúnacha, agus an méid seo a leanas ar a laghad ar áireamh:
(i)
measúnú ar chur i bhfeidhm agus ar thairbhí bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh i gcórais fuinnimh, go háirithe i ndáil le tomhaltas fuinnimh;
(ii)
liosta gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun aon bhacainní rialála nó neamhrialála nach bhfuil gá leo ar chur chun feidhme bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus ar réitigh ar thaobh an éilimh a bhaint, lena n-áirítear trí reachtaíocht náisiúnta agus bearta atá contrártha do bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a shainaithint.
|
|
Airteagal 3 6.
|
Faoin 11 Aibreán 2024, glacfaidh an Coimisiún treoracha lena soláthraítear comhchreat ginearálta lena n-áirítear maoirseacht, an nós imeachta faireacháin agus tuairiscithe a fhéadfaidh na Ballstáit a úsáid chun na modheolaíochtaí costais is tairbhe dá dtagraítear i mír 5, pointe (a), a dhearadh, chun críche inchomparáideachta, ach fós an deis a fhágáil ag na Ballstáit iad féin a oiriúnú d’imthosca náisiúnta agus áitiúla.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L1791
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|