|
+Airteagal 3 5. |
Airteagal 3 5.Agus bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh á chur i bhfeidhm acu, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
(a)
modheolaíochtaí costais is tairbhe a chur chun cinn agus, i gcás ina bhfuil gá le hanailísí costais is tairbhe, cur i bhfeidhm na modheolaíochtaí sin a áirithiú agus iad a chur ar fáil go poiblí, lena bhféadfar measúnú cuí a dhéanamh ar na tairbhí níos leithne a bhaineann le réitigh éifeachtúlachta fuinnimh i gcás inarb iomchuí, agus aird á tabhairt ar an saolré iomlán agus ar an bpeirspictíocht fhadtéarmach, ar an éifeachtúlacht córais agus costais, ar shlándáil an tsoláthair agus ar chainníochtú ó thaobh na sochaí, na sláinte, na heacnamaíochta agus na haeráidneodrachta de, ar an inbhuanaitheacht agus ar phrionsabail an gheilleagair chiorclaigh san aistriú chuig aeráidneodracht;
(b)
aghaidh a thabhairt ar an tionchar ar an mbochtaineacht fuinnimh;
(c)
eintiteas nó eintitis a shainaithint a bheidh freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus thionchar na gcreataí rialála, lena n-áirítear rialacháin airgeadais, na gcinntí pleanála, beartas agus mórinfheistíochta, dá dtagraítear i mír 1 ar thomhaltas fuinnimh, ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar chórais fuinnimh;
(d)
tuarascáil a chur chuig an gCoimisiún, mar chuid de na tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn a thíolacann siad de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999, maidir leis an gcaoi ar cuireadh bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh san áireamh sna cinntí náisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, sna cinntí réigiúnacha agus áitiúla maidir le pleanáil, beartas agus mórinfheistíocht a bhaineann leis na córais fuinnimh náisiúnta agus réigiúnacha, agus an méid seo a leanas ar a laghad ar áireamh:
(i)
measúnú ar chur i bhfeidhm agus ar thairbhí bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh i gcórais fuinnimh, go háirithe i ndáil le tomhaltas fuinnimh;
(ii)
liosta gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun aon bhacainní rialála nó neamhrialála nach bhfuil gá leo ar chur chun feidhme bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus ar réitigh ar thaobh an éilimh a bhaint, lena n-áirítear trí reachtaíocht náisiúnta agus bearta atá contrártha do bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a shainaithint. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|