+Airteagal 5 An earnáil phoiblí chun tosaigh ar éifeachtúlacht fuinnimh
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
---+Airteagal 5 5.
---+Airteagal 5 6.
---+Airteagal 5 7.
---+Airteagal 5 8.
---+Airteagal 5 9.
|
Airteagal 5 An earnáil phoiblí chun tosaigh ar éifeachtúlacht fuinnimh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar tomhaltas fuinnimh deiridh iomlán na gcomhlachtaí poiblí go léir le chéile a laghdú 1,9 % ar a laghad gach bliain, i gcomparáid le 2021. Féadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh iompar poiblí nó na fórsaí armtha a eisiamh ón oibleagáid a leagtar síos sa chéad fhomhír. Chun críocha na chéad fhomhíre agus an dara fomhír, bunóidh na Ballstáit bonnlíne, lena n-áirítear tomhaltas fuinnimh deiridh gach comhlachta phoiblí, seachas in iompar poiblí nó sna fórsaí armtha, le haghaidh 2021. Is laghdú táscach é an laghdú ar thomhaltas fuinnimh an iompair phoiblí agus na bhfórsaí armtha agus féadfar é a chur san áireamh fós chun an oibleagáid faoin gcéad fhomhír a chomhlíonadh fiú má eisiatar ón mbonnlíne faoin Airteagal seo é.
|
|
Airteagal 5 2.
|
Le linn idirthréimhse dar críoch an 11 Deireadh Fómhair 2027, is táscach a bheidh an sprioc a leagtar amach i mír 1. Le linn na hidirthréimhse sin, féadfaidh na Ballstáit sonraí measta maidir le tomhaltas a úsáid, agus, faoin dáta céanna, déanfaidh na Ballstáit an bonnlíne a choigeartú agus tomhaltas fuinnimh deiridh measta na gcomhlachtaí poiblí uile a ailíniú le tomhaltas fuinnimh deiridh iarbhír na gcomhlachtaí poiblí go léir.
|
|
Airteagal 5 3.
|
Ní áireofar san oibleagáid a leagtar síos i mír 1, go dtí an 31 Nollaig 2026, tomhaltas fuinnimh comhlachtaí poiblí in aonaid riaracháin áitiúla a bhfuil daonra níos lú ná 50 000 acu agus, go dtí an 31 Nollaig 2029, tomhaltas fuinnimh comhlachtaí poiblí in aonaid riaracháin áitiúla a bhfuil daonra níos lú ná 5 000 iontu.
|
|
Airteagal 5 4.
|
Féadfaidh na Ballstáit éagsúlachtaí aeráide laistigh den Bhallstát a chur san áireamh agus tomhaltas fuinnimh deiridh a gcomhlachtaí poiblí á ríomh acu.
|
|
Airteagal 5 5.
|
Áireoidh na Ballstáit sna nuashonruithe, arna dtíolacadh de bhun Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999, ar a bpleananna fuinnimh agus aeráide, ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 3 agus Airteagail 7 go 12 den Rialachán sin, an laghdú ar thomhaltas fuinnimh atá le baint amach ag gach comhlacht poiblí, imdhealaithe de réir earnála, agus na bearta a bhfuil ar intinn acu glacadh chun na laghduithe sin a bhaint amach. Mar chuid dá dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999, tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún an laghdú ar thomhaltas fuinnimh deiridh a baineadh amach gach bliain.
|
|
Airteagal 5 6.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh údaráis réigiúnacha agus áitiúla bearta sonracha éifeachtúlachta fuinnimh ina n-uirlisí pleanála fadtéarmacha, ar nós pleananna maidir le dícharbónú nó le fuinneamh inbhuanaithe, tar éis dóibh dul i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear gníomhaireachtaí fuinnimh i gcás inarb iomchuí, agus leis an bpobal, lena n-áirítear, go háirithe, na grúpaí leochaileacha a bhfuil an baol ann go ndéanfaidh bochtaineacht fuinnimh difear dóibh nó atá níos soghabhálaí i leith éifeachtaí na bochtaineachta fuinnimh. Áiritheoidh na Ballstáit freisin go ndéanfaidh na húdaráis inniúla gníomhaíochtaí chun tionchair dhiúltacha dhíreacha nó indíreacha shuntasacha na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh ar theaghlaigh fuinneamhbhocht ar ioncam íseal nó ar ghrúpaí leochaileacha a mhaolú nuair a bheidh bearta éifeachtúlachta fuinnimh á gceapadh agus á gcur chun feidhme acu.
|
|
Airteagal 5 7.
|
Tacóidh na Ballstáit le comhlachtaí poiblí. Féadfar tacaíocht airgeadais agus theicniúil a áireamh sa tacaíocht sin, gan dochar do na rialacha maidir le státchabhair, chun bearta feabhsúcháin éifeachtúlachta fuinnimh a ghlacadh agus chun comhlachtaí poiblí a spreagadh chun na tairbhí níos leithne le cois coigilteas fuinnimh a chur san áireamh, mar shampla cáilíocht na timpeallachta laistigh, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, trí threoirlínte a sholáthar, forbairt inniúlachtaí a chur chun cinn, sealbhú scileanna agus deiseanna oiliúna, agus trí chomhar a spreagadh i measc comhlachtaí poiblí.
|
|
Airteagal 5 8.
|
Spreagfaidh Ballstáit comhlachtaí poiblí chun féachaint ar astaíochtaí carbóin saolré chomh maith leis na tairbhí eacnamaíocha agus sóisialta a bhaineann le gníomhaíochtaí infheistíochta agus beartais a gcomhlachtaí poiblí.
|
|
Airteagal 5 9.
|
Spreagfaidh na Ballstáit comhlachtaí poiblí chun feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí nó ina bhfuil comhlachtaí poiblí lonnaithe, lena n-áirítear trí shean-théitheoirí neamhéifeachtúla a athsholáthar.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L1791
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|