+Airteagal 7 Soláthar poiblí
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 7 3.
---+Airteagal 7 4.
---+Airteagal 7 5.
---+Airteagal 7 6.
---+Airteagal 7 7.
---+Airteagal 7 8.
|
Airteagal 7 Soláthar poiblí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7 1.
|
Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú nach gceannaíonn údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha, agus conarthaí poiblí agus lamháltais lena ngabhann luach atá cothrom leis na tairseacha a leagtar síos in Airteagal 8 de Threoir 2014/23/AE, Airteagal 4 de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 15 de Threoir 2014/25/AE, ach táirgí, seirbhísí, foirgnimh agus saothair ag a bhfuil ardfheidhmíocht éifeachtúlachta fuinnimh i gcomhréir leis na ceanglais dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir seo, mura bhfuil sin indéanta go teicniúil. Agus na conarthaí poiblí agus na lamháltais ag a bhfuil luach atá cothrom leis na tairseacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír nó níos mó á dtabhairt i gcrích, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh i gcomhréir le hAirteagal 3 a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear maidir leis na conarthaí poiblí agus lamháltais sin nach bhforáiltear do cheanglais shonracha ina leith in Iarscríbhinn IV.
|
|
Airteagal 7 2.
|
Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo má bhaineann siad an bonn den tslándáil phoiblí nó má chuireann siad bac ar an bhfreagairt ar éigeandálaí sláinte poiblí. Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo maidir le conarthaí na bhfórsaí armtha ach amháin sa mhéid nach mbeidh a gcur i bhfeidhm ar neamhréir le cineál agus príomhaidhm ghníomhaíochtaí na bhfórsaí armtha. Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí maidir le conarthaí chun trealamh míleata a sholáthar mar a shainmhínítear i dTreoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
5
).
|
|
Airteagal 7 3.
|
D’ainneoin Airteagal 29(4), déanfaidh Ballstáit a áirithiú go ndéanann údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha measúnú ar an indéantacht a bhaineann le conarthaí feidhmíochta fuinnimh fadtéarmacha a sholáthraíonn coigilteas fuinnimh fadtéarmach a thabhairt i gcrích agus conarthaí seirbhíse lena ngabhann luach suntasach fuinnimh á soláthar acu.
|
|
Airteagal 7 4.
|
Gan dochar do mhír 1 den Airteagal seo, agus pacáiste táirgí atá iomlán clúdaithe ag gníomh tarmligthe a glacadh faoi Rialachán (AE) 2017/1369 á cheannach acu, féadfaidh Ballstáit a cheangal go mbeidh tosaíocht ag an éifeachtúlacht fuinnimh charnach thar éifeachtúlacht fuinnimh táirgí aonair laistigh den phacáiste sin, tríd an bpacáiste táirgí a cheannach a chomhlíonann na critéir maidir leis an aicme is airde éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil.
|
|
Airteagal 7 5.
|
Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go gcuirfidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha san áireamh, agus conarthaí á dtabhairt i gcrích acu dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcás inarb iomchuí, gnéithe níos leithne den inbhuanaitheacht, den gheilleagar sóisialta, comhshaoil agus ciorclach i gcleachtais soláthair d’fhonn cuspóirí an Aontais maidir le dícharbónú agus truailliú nialasach a bhaint amach. I gcás inarb iomchuí, agus i gcomhréir le hIarscríbhinn IV, ceanglóidh na Ballstáit ar údaráis chonarthacha agus ar eintitis chonarthacha critéir an Aontais maidir le soláthar poiblí glas nó na critéir choibhéiseacha náisiúnta a bheidh ar fáil a chur san áireamh. Chun trédhearcacht a áirithiú agus ceanglais éifeachtúlachta fuinnimh á gcur i bhfeidhm sa phróiseas soláthair, áiritheoidh na Ballstáit go cuirfidh na húdaráis chonarthacha agus na heintitis chonarthacha faisnéis ar fáil go poiblí maidir le tionchar éifeachtúlachta fuinnimh conarthaí lena ngabhann luach atá cothrom leis na tairseacha dá dtagraítear i mír 1 nó níos mó tríd an bhfaisnéis sin a fhoilsiú sna fógraí faoi seach maidir le Tenders Electronic Daily (TED), i gcomhréir le Treoracha 2014/23/AE, 2014/24/AE agus 2014/25/AE, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1780 ón gCoimisiún (
6
). Féadfaidh na húdaráis chonarthacha a chinneadh ceangal a chur ar thairgeoirí faisnéis a nochtadh maidir le poitéinseal téimh dhomhanda saolré i gcás foirgnimh nua agus foirgnimh atá le hathchóiriú, agus leis an úsáid a bhaintear as ábhar ísealcharbóin agus ciorclaíocht na n-ábhar a úsáidtear. Féadfaidh na húdaráis chonarthacha an fhaisnéis sin a chur ar fáil go poiblí le haghaidh na gconarthaí, go háirithe i gcás foirgneamh nua a bhfuil achar urláir níos mó ná 2 000 m2 acu. Tacóidh na Ballstáit le húdaráis chonarthacha agus le heintitis chonarthacha maidir le glacadh ceanglas éifeachtúlachta fuinnimh, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, trí rialacha agus treoirlínte soiléire a sholáthar lena n-áirítear modheolaíochtaí maidir le measúnú a dhéanamh ar chostais saolré agus ar thionchair agus costais ar an gcomhshaol, lárionaid tacaíochta inniúlachta a chur ar bun, comhar a spreagadh i measc údaráis chonarthacha lena n-áirítear thar theorainneacha agus soláthar comhiomlánaithe agus soláthar digiteach a úsáid i gcás inar féidir.
|
|
Airteagal 7 6.
|
I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún tuilleadh treorach a thabhairt do na húdaráis náisiúnta agus d’oifigigh sholáthair chun ceanglais éifeachtúlachta fuinnimh a chur i bhfeidhm sa phróiseas soláthair. Le tacaíocht den sórt sin, féadfar na fóraim atá ann cheana a neartú chun tacú leis na Ballstáit, amhail trí ghníomhaíocht chomhbheartaithe, agus cabhrú leo na critéir don soláthar poiblí glas a chur san áireamh.
|
|
Airteagal 7 7.
|
Bunóidh na Ballstáit na forálacha dlí agus rialála, agus na cleachtais riaracháin, maidir le ceannach poiblí agus buiséadú bliantúil agus cuntasaíocht bhliantúil, ar forálacha agus cleachtais iad atá riachtanach lena áirithiú nach ndéantar údaráis chonarthacha aonair a dhíspreagadh ó infheistíochtaí a dhéanamh i bhfeabhsú na héifeachtúlachta fuinnimh agus ó úsáid a bhaint as sásraí conarthacha feidhmíochta fuinnimh agus sásraí maoiniúcháin tríú páirtí ar bhonn conarthach, fadtéarmach.
|
|
Airteagal 7 8.
|
Bainfidh na Ballstáit aon bhac rialála nó neamhrialála ar an éifeachtúlacht fuinnimh, go háirithe a mhéid a bhaineann le forálacha dlí agus rialála, agus cleachtais riaracháin, maidir le ceannach poiblí agus buiséadú bliantúil agus cuntasaíocht bhliantúil, d’fhonn a áirithiú nach ndéantar comhlachtaí poiblí aonair a dhíspreagadh ó infheistíocht a dhéanamh i bhfeabhsú na héifeachtúlachta fuinnimh agus ó shásraí conarthacha feidhmíochta fuinnimh agus tríú páirtí a úsáid ar bhonn conarthach, fadtéarmach. Tabharfaidh na Ballstáit tuarascáil don Choimisiún maidir leis na bearta a glacadh chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní ar ghlacadh feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh mar chuid dá dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L1791
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|