+Airteagal 7 5.

Airteagal 7 5.

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go gcuirfidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha san áireamh, agus conarthaí á dtabhairt i gcrích acu dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcás inarb iomchuí, gnéithe níos leithne den inbhuanaitheacht, den gheilleagar sóisialta, comhshaoil agus ciorclach i gcleachtais soláthair d’fhonn cuspóirí an Aontais maidir le dícharbónú agus truailliú nialasach a bhaint amach. I gcás inarb iomchuí, agus i gcomhréir le hIarscríbhinn IV, ceanglóidh na Ballstáit ar údaráis chonarthacha agus ar eintitis chonarthacha critéir an Aontais maidir le soláthar poiblí glas nó na critéir choibhéiseacha náisiúnta a bheidh ar fáil a chur san áireamh.

Chun trédhearcacht a áirithiú agus ceanglais éifeachtúlachta fuinnimh á gcur i bhfeidhm sa phróiseas soláthair, áiritheoidh na Ballstáit go cuirfidh na húdaráis chonarthacha agus na heintitis chonarthacha faisnéis ar fáil go poiblí maidir le tionchar éifeachtúlachta fuinnimh conarthaí lena ngabhann luach atá cothrom leis na tairseacha dá dtagraítear i mír 1 nó níos mó tríd an bhfaisnéis sin a fhoilsiú sna fógraí faoi seach maidir le Tenders Electronic Daily (TED), i gcomhréir le Treoracha 2014/23/AE, 2014/24/AE agus 2014/25/AE, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1780 ón gCoimisiún ( 6 ). Féadfaidh na húdaráis chonarthacha a chinneadh ceangal a chur ar thairgeoirí faisnéis a nochtadh maidir le poitéinseal téimh dhomhanda saolré i gcás foirgnimh nua agus foirgnimh atá le hathchóiriú, agus leis an úsáid a bhaintear as ábhar ísealcharbóin agus ciorclaíocht na n-ábhar a úsáidtear. Féadfaidh na húdaráis chonarthacha an fhaisnéis sin a chur ar fáil go poiblí le haghaidh na gconarthaí, go háirithe i gcás foirgneamh nua a bhfuil achar urláir níos mó ná 2 000 m2 acu.

Tacóidh na Ballstáit le húdaráis chonarthacha agus le heintitis chonarthacha maidir le glacadh ceanglas éifeachtúlachta fuinnimh, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, trí rialacha agus treoirlínte soiléire a sholáthar lena n-áirítear modheolaíochtaí maidir le measúnú a dhéanamh ar chostais saolré agus ar thionchair agus costais ar an gcomhshaol, lárionaid tacaíochta inniúlachta a chur ar bun, comhar a spreagadh i measc údaráis chonarthacha lena n-áirítear thar theorainneacha agus soláthar comhiomlánaithe agus soláthar digiteach a úsáid i gcás inar féidir.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L1791
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.