|
+Airteagal 8 1. |
Airteagal 8 1.Bainfidh na Ballstáit coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide amach a bheidh comhionann ar a laghad:
(a)
le coigilteas nua gach bliain ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020 de 1,5 % de dhíolacháin fuinnimh bhliantúla le custaiméirí deiridh de réir toirte, a mheánaítear thar an tréimhse is déanaí 3 bliana roimh an 1 Eanáir 2013. Féadfar díolacháin fuinnimh, de réir toirte, a úsáidtear san iompar a eisiamh ón ríomh sin, go hiomlán nó go páirteach;
(b)
le coigilteas nua gach bliain ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2030 de:
(i)
0,8 % de thomhaltas fuinnimh deiridh bliantúil ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2023, mar mheán i gcaitheamh na tréimhse 3 bliana is déanaí roimh an 1 Eanáir 2019;
(ii)
1,3 % de thomhaltas fuinnimh deiridh bliantúil ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2025, mar mheán i gcaitheamh na tréimhse 3 bliana is déanaí roimh an 1 Eanáir 2019;
(iii)
1,5 % de thomhaltas fuinnimh deiridh bliantúil ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Nollaig 2027, mar mheán i gcaitheamh na tréimhse 3 bliana is déanaí roimh an 1 Eanáir 2019;
(iv)
1,9 % de thomhaltas fuinnimh deiridh bliantúil ón 1 Eanáir 2028 go dtí an 31 Nollaig 2030, mar mheán i gcaitheamh na tréimhse 3 bliana is déanaí roimh an 1 Eanáir 2019. De mhaolú ar an gceanglas sin a leagtar síos i bpointe (b)(i) den chéad fhomhír, bainfidh an Chipir agus Málta coigilteas nua amach gach bliain, ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2023, arb ionann iad agus 0,24 % de thomhaltas fuinnimh deiridh bliantúil, mar mheán i gcaitheamh na tréimhse 3 bliana is déanaí roimh an 1 Eanáir 2019. De mhaolú ar phointí (b)(ii), (iii) agus (iv) den chéad fhomhír, bainfidh an Chipir agus Málta coigilteas nua amach gach bliain, ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2030, arb ionann iad agus 0,45 % FEC bliantúil, mar mheán i gcaitheamh na tréimhse 3 bliana is déanaí roimh an 1 Eanáir 2019. Cinnfidh na Ballstáit conas méid ríofa an choigiltis nua a chéimniú thar gach tréimhse dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír, ar choinníoll go mbeidh an coigilteas carnach iomlán fuinnimh críochúsáide a cheanglaítear bainte amach faoi dheireadh gach tréimhse oibleagáide. Leanfaidh na Ballstáit de choigilteas nua bliantúil a bhaint amach i gcomhréir leis an ráta coigiltis dá bhforáiltear i bpointe (b)(iv) den chéad fhomhír ar feadh tréimhsí 10 mbliana tar éis 2030. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|