+Airteagal 8 3.

Airteagal 8 3.

Déanfaidh na Ballstáit scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh, bearta beartais malartacha, nó meascán den dá rud, nó cláir nó bearta a mhaoinítear faoi chiste náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh, a chur chun feidhme mar thosaíocht i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, teaghlaigh ar ioncam íseal, agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta, ach gan a bheith teoranta dóibh siúd. Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh aon éifeacht dhíobhálach ag bearta beartais a chuirfear chun feidhme de bhun an Airteagail seo ar na daoine sin. I gcás inarb infheidhme, bainfidh na Ballstáit an úsáid is fearr is féidir as cistiú, lena n-áirítear cistiú poiblí, saoráidí cistiúcháin atá bunaithe ar leibhéal an Aontais, agus ioncam ó liúntais de bhun Airteagal 24(3), pointe (b), d’fhonn éifeachtaí díobhálacha a bhaint agus an t-aistriú chuig fuinneamh cóir agus cuimsitheach a áirithiú.

Chun an coigilteas fuinnimh a cheanglaítear faoi mhír 1 a bhaint amach agus gan dochar do Rialachán (AE) 2019/943 agus do Threoir (AE) 2019/944, déanfaidh na Ballstáit, chun bearta beartais sin den sórt sin a cheapadh, ról na gcomhphobal fuinnimh in-athnuaite agus na bpobal fuinnimh saoránach a mheas agus a chur chun cinn, maidir leis an méid a rannchuidíonn siad leis an gcur chun feidhme i dtreo na mbeart beartais sin.

Bunóidh na Ballstáit agus bainfidh siad amach sciar den mhéid is gá maidir leis an gcoigilteas carnach fuinnimh críochúsáide i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal, agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta. Beidh an sciar sin ar a laghad comhionann le cion na dteaghlach atá faoi bhochtaineacht fuinnimh, arna mheasúnú ina bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 3(3), pointe (d), de Rialachán (AE) 2018/1999. Déanfaidh na Ballstáit ina measúnú ar sciar na bochtaineachta fuinnimh ina bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide na táscairí seo a leanas a mheas:

(a) 

gan bheith in ann an baile a choinneáil te go leor (Eurostat, SILC [ilc_mdes01]);

(b) 

riaráistí ar bhillí fóntais (Eurostat, SILC, [ilc_mdes07]);

(c) 

an daonra iomlán a bhfuil cónaí air i dteaghais ina bhfuil díon sceitheadh, ballaí taise, urláir thaise nó bunús tais, nó lobhadh i bhfrámaí fuinneoige nó san urlár (Eurostat, SILC [ilc_mdho01]);

(d) 

an ráta baol bochtaineachta (suirbhéanna Eurostat, SILC agus ECHP [ilc_li02]) (pointe scoite: 60 % den mheánioncam tar éis aistrithe sóisialta).

Más rud é nach bhfuil fógra tugtha ag Ballstát maidir le sciar na dteaghlach atá faoi bhochtaineacht fuinnimh, mar a measadh ina bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide é, beidh an sciar den choigilteas carnach fuinnimh críochúsáide i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal, agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta, cothrom, ar a laghad, leis an meánsciar uimhríochtúil de na táscairí dá dtagraítear sa tríú fomhír don bhliain 2019 nó, mura bhfuil sé ar fáil do 2019, le haghaidh eachtarshuíomh líneach a gcuid luachanna do na 3 bliana deireanacha atá ar fáil.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L1791
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.