|
+Airteagal 8 8. |
Airteagal 8 8.Faoi réir mhír 9, féadfaidh gach Ballstát an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
an ríomh a cheanglaítear faoi mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), a dhéanamh ag úsáid luachanna 1 % in 2014 agus in 2015; 1,25 % in 2016 agus 2017; agus 1,5 % in 2018, 2019 agus 2020;
(b)
na díolacháin fuinnimh go léir nó cuid díobh a úsáidtear, de réir toirte, i dtaca leis an tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), nó fuinneamh deiridh arna thomhailt, i dtaca leis an tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i bpointe (b)(i) den fhomhír sin, i ngníomhaíochtaí tionscail a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, a eisiamh ón ríomh;
(c)
maidir leis an gcoigilteas fuinnimh a baineadh amach sna hearnálacha trasfhoirmithe, dáilte agus tarchurtha fuinnimh, lena n-áirítear bonneagar téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil, mar thoradh ar chur chun feidhme na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 25(4), pointe (a), d’Airteagal 26(7), agus Airteagal 27(1), (5) go (9) agus (11), an coigilteas sin a áireamh faoi chomhair an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear faoi mhír 1, an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b)(i). Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na bearta beartais atá beartaithe acu faoin bpointe seo don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2030 mar chuid dá bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 3 agus Airteagail 7 go 12. Ríomhfar tionchar na mbeart sin i gcomhréir le hIarscríbhinn V agus áireofar sna pleananna sin é;
(d)
maidir leis an gcoigilteas fuinnimh a eascraíonn ó ghníomhaíochtaí aonair a chuirtear chun feidhme go nua ón 31 Nollaig 2008 agus a leanann de thionchar a bheith acu in 2020 i ndáil leis an tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), agus tar éis 2020 i ndáil leis an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (b)(i) den fhomhír sin, agus is féidir a thomhas agus a fhíorú, an coigilteas sin a áireamh faoi chomhair an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear;
(e)
coigilteas fuinnimh a eascraíonn ó bhearta beartais a áireamh faoi chomhair an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear, ar choinníoll gur féidir a léiriú go mbíonn gníomhaíochtaí aonair, a dhéantar le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2018 go dtí an 31 Nollaig 2020 agus lena dtugtar coigilteas tar éis an 31 Nollaig 2020, mar thoradh ar na bearta sin;
(f)
30 % den mhéid infhíoraithe fuinnimh, a ghintear dá n-úsáid féin ar fhoirgnimh nó i bhfoirgnimh mar thoradh ar bhearta beartais a chuireann suiteáil nua teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite chun cinn, a eisiamh ó ríomh an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear de bhun mhír 1, an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b)(i);
(g)
maidir leis an gcoigilteas fuinnimh a sháraíonn an méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear don tréimhse oibleagáide ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020, an coigilteas sin a áireamh faoi chomhair an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear de bhun mhír 1, an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b)(i), ar choinníoll go n-eascraíonn an coigilteas sin ó ghníomhaíochtaí aonair a dhéantar faoi na bearta beartais dá dtagraítear in Airteagail 9 agus 10 a bhfuil fógra tugtha ag na Ballstáit ina leith ina gcuid pleananna gníomhaíochta náisiúnta um éifeachtúlacht fuinnimh agus atá tuairiscithe acu ina dtuarascálacha ar dhul chun cinn i gcomhréir le hAirteagal 26. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|