+Airteagal 10 Bearta beartais malartacha
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 3.
---+Airteagal 10 4.

Airteagal 10 Bearta beartais malartacha

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 10 1.
I gcás ina gcinneann Ballstáit a n-oibleagáidí a chomhlíonadh maidir leis an gcoigilteas a cheanglaítear faoi Airteagal 8(1) a bhaint amach trí bhíthin bearta beartais malartacha, áiritheoidh siad, gan dochar d’Airteagal 8(8) agus (9), go mbainfear amach an coigilteas fuinnimh a cheanglaítear faoi Airteagal 8(1) i measc na gcustaiméirí deiridh.
Airteagal 10 2.
I gcás gach birt eile seachas na cinn sin a bhaineann le cánachas, cuirfidh na Ballstáit córais tomhais, rialaithe agus fíoraithe i bhfeidhm faoina ndéantar fíorú doiciméadaithe ar, ar a laghad, sciar atá suntasach ó thaobh staidrimh de agus sampla ionadaíoch, ó thaobh staidrimh de, de na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a chuir na páirtithe rannpháirteacha nó na páirtithe iontaoibhe i bhfeidhm. Déanfar an tomhas, an rialú agus an fíorú go neamhspleách ar na páirtithe rannpháirteacha nó ar na páirtithe iontaoibhe.
Airteagal 10 3.
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas, mar chuid de na tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999, maidir leis na córais tomhais, rialaithe agus fíoraithe a cuireadh i bhfeidhm, lena n-áirítear na modhanna a úsáideadh, na saincheisteanna a sainaithníodh agus an chaoi ar tugadh aghaidh ar na saincheisteanna sin.
Airteagal 10 4.
Agus beart cánachais á thuairisciú, léireoidh na Ballstáit an chaoi a ndearnadh éifeachtacht an chomhartha praghais, amhail ráta cánach agus infheictheacht le himeacht ama, a áirithiú agus an beart cánachais á cheapadh. I gcás ina bhfuil laghdú ar an ráta cánach, tabharfaidh na Ballstáit bonn cirt faoin gcaoi a mbeidh coigilteas fuinnimh nua fós mar thoradh ar na bearta cánachais.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L1791
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.