+Airteagal 22 8.
|
Airteagal 22 8.
Áiritheoidh Ballstáit go mbeidh rochtain ag custaiméirí deiridh, úsáideoirí deiridh, daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta ar shásraí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt atá simplí, cóir, trédhearcach, neamhspleách, éifeachtach agus éifeachtúil chun díospóidí a réiteach i dtaca leis na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear sa Treoir seo, agus go mbeidh sé sin acu trí shásra neamhspleách amhail ombudsman fuinnimh nó comhlacht tomhaltóirí, nó trí údarás rialála. I gcás inar tomhaltóir an custaiméir deiridh, mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1), pointe (a), de Threoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
11
), comhlíonfaidh na sásraí sin um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt na ceanglais a leagtar amach ann. Féadfar sásraí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt atá ann cheana sna Ballstáit a úsáid chun na críche sin, ar choinníoll go bhfuil siad chomh héifeachtach céanna. I gcás inar gá sin, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhoibreoidh eintitis um réiteach malartach díospóidí le chéile chun sásraí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt atá simplí, cóir, trédhearcach, neamhspleách, éifeachtach agus éifeachtúil a sholáthar i gcás aon díospóid a eascraíonn as táirgí nó seirbhísí atá ceangailte nó cuachta le haon táirge nó seirbhís a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo. Beidh rannpháirtíocht fiontair i sásraí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt do chustaiméirí teaghlaigh éigeantach mura rud é go léiríonn an Ballstát don Choimisiún go bhfuil sásraí eile ann atá chomh héifeachtach céanna.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L1791
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|