|
+Airteagal 22 9. |
Airteagal 22 9.Gan dochar do bhunphrionsabail a ndlíthe maidir le maoin agus tionóntacht, glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun bacainní rialála agus neamhrialála ar an éifeachtúlacht fuinnimh a bhaint, a mhéid a bhaineann le dreasachtaí a dheighilt idir úinéirí agus tionóntaí, nó i measc úinéirí foirgnimh nó aonaid foirgnimh, d’fhonn a áirithiú nach ndíspreagtar na páirtithe sin ó infheistíochtaí lena bhfeabhsaítear éifeachtúlacht a dhéanamh, ar infheistíochtaí iad a dhéanfadh siad murach sin toisc nach bhfaighidh siad na buntáistí iomlána nó nach bhfuil rialacha ann chun na costais agus na sochair a roinnt eatarthu. D’fhéadfaí a áireamh ar na bearta chun deireadh a chur le bacainní den sórt sin dreasachtaí a sholáthar, forálacha dlíthiúla nó rialála a aisghairm nó a leasú, treoirlínte agus cumarsáid léirmhínitheach a ghlacadh, nósanna imeachta riaracháin a shimpliú, lena n-áirítear rialacha náisiúnta agus bearta lena rialaítear próisis chinnteoireachta i maoin ilúinéirí, agus an fhéidearthacht iompú ar réitigh maoinithe tríú páirtithe. Féadfar na bearta a chomhcheangal le soláthar oideachais, oiliúna agus faisnéise sonraí agus cúnaimh theicniúil maidir le héifeachtúlacht fuinnimh do ghníomhaithe margaidh amhail na gníomhaithe dá dtagraítear i mír 1. Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun tacú le hidirphlé iltaobhach i measc comhpháirtithe ábhartha, amhail údaráis áitiúla agus réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta, úinéirí agus eagraíochtaí tionóntaí, eagraíochtaí tomhaltóirí, dáileoirí fuinnimh nó cuideachtaí díolacháin fuinnimh miondíola, ESCOnna, pobail fuinnimh in-athnuaite, pobail fuinnimh saoránach, údaráis phoiblí agus gníomhaireachtaí ábhartha agus é d’aidhm aige tograí a leagan amach maidir le bearta, dreasachtaí agus treoirlínte a nglactar leo go comhpháirteach agus a bhaineann le dreasachtaí deighilte idir na húinéirí agus na tionóntaí nó idir úinéirí foirgnimh nó úinéirí aonaid foirgnimh. Déanfaidh gach Ballstát na bacainní sin agus na bearta arna nglacadh ina straitéis athchóirithe fhadtéarmach a bhunaítear de bhun Airteagal 2a de Threoir 2010/31/AE agus Rialachán (AE) 2018/1999 a thuairisciú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|