+Airteagal 24 Custaiméirí leochaileacha a chumasú agus a chosaint agus an bhochtaineacht fuinnimh a mhaolú
---+Airteagal 24 1.
---+Airteagal 24 2.
---+Airteagal 24 3.
---+Airteagal 24 4.

Airteagal 24 Custaiméirí leochaileacha a chumasú agus a chosaint agus an bhochtaineacht fuinnimh a mhaolú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 24 1.
Gan dochar dá mbeartais náisiúnta eacnamaíocha agus shóisialta, agus dá n-oibleagáidí faoi dhlí an Aontais, déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta, a chumhachtú agus a chosaint.

Agus coincheap na gcustaiméirí leochaileacha á shainmhíniú acu de bhun Airteagal 3(3) de Threoir 2009/73/CE agus Airteagal 28(1) de Threoir (AE) 2019/944, cuirfidh na Ballstáit úsáideoirí deiridh san áireamh.

Airteagal 24 2.
Gan dochar dá mbeartais náisiúnta eacnamaíocha agus shóisialta, agus dá n-oibleagáidí faoi dhlí an Aontais, déanfaidh na Ballstáit bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh agus bearta gaolmhara cosanta tomhaltóirí nó faisnéise a chur chun feidhme, go háirithe iad siúd a leagtar amach in Airteagal 8(3) agus in Airteagal 22 den Treoir seo, mar thosaíocht i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta, chun an bhochtaineacht fuinnimh a mhaolú. Déanfar faireachán agus tuairisciú ar na bearta sin faoi chuimsiú na gceanglas tuairiscithe atá ann cheana a leagtar amach in Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2018/1999.
Airteagal 24 3.

Chun tacú le daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal agus, i gcás inarb iomchuí, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas, i gcás inarb infheidhme:

(a) 

bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme chun éifeachtaí dáileacháin a mhaolú ó bheartais agus ó bhearta eile, amhail bearta cánachais arna gcur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 10 den Treoir seo, nó trádáil astaíochtaí in earnáil na bhfoirgneamh agus an iompair a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Treoir 2003/87/CE;

(b) 

an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an gcistiú poiblí atá ar fáil ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, an ranníocaíocht airgeadais arna fáil ag Ballstát ón gCiste Sóisialta ar son na hAeráide de bhun Airteagail 9 agus 14 de Rialachán (AE) 2023/955, agus ioncam ó cheantanna lamháltas ó thrádáil astaíochtaí de bhun CTA AE i gcomhréir le Treoir 2003/87/CE le haghaidh infheistíochtaí i mbearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh mar ghníomhaíochtaí tosaíochta;

(c) 

infheistíochtaí luatha réamhbhreathnaitheacha a dhéanamh i mbearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh sula léireofar éifeacht ag tionchair dháilte ó bheartais agus ó bhearta eile;

(d) 

cúnamh teicniúil agus leathadh amach cistithe chumasúcháin agus uirlisí airgeadais a chothú, amhail scéimeanna inbhille, cúlchiste áitiúil lamháltais caillteanais, cistí ráthaíochta, cistí atá dírithe ar athchóiriú domhain agus athchóiriú lena mbaineann gnóthachain íosta fuinnimh;

(e) 

cúnamh teicniúil a chothú do ghníomhaithe sóisialta chun rannpháirtíocht ghníomhach na gcustaiméirí leochaileacha sa mhargadh fuinnimh, agus athruithe dearfacha ar a dtomhaltas fuinnimh a chur chun cinn;

(f) 

rochtain a áirithiú ar airgeadas, ar dheontais nó ar fhóirdheontais atá faoi cheangal ag gnóthachain íosta fuinnimh agus rochtain ar iasachtaí bainc inacmhainne nó línte creidmheasa tiomnaithe a éascú dá bhrí sin.

Airteagal 24 4.
Déanfaidh na Ballstáit líonra saineolaithe ó earnálacha éagsúla amhail earnáil na sláinte, earnáil na tógála agus earnálacha sóisialta a bhunú nó a chur ar iontaoibh líonra atá ann cheana, straitéisí a fhorbairt chun tacú le cinnteoirí áitiúla agus náisiúnta bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh, cúnamh teicniúil agus uirlisí airgeadais a chur chun feidhme arb é is aidhm dóibh bochtaineacht fuinnimh a mhaolú. Déanfaidh na Ballstáit a ndícheall a áirithiú go n-áirithítear cothromaíocht inscne agus go léirítear dearcthaí na ndaoine uile i gcomhdhéanamh an líonra saineolaithe.

Féadfaidh na Ballstáit a chur ar iontaoibh an líonra saineolaithe comhairle a thabhairt maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) 

sainmhínithe, táscairí agus critéir náisiúnta maidir leis an mbochtaineacht fuinnimh, fuinneamhbhocht agus custaiméirí leochaileacha, lena n-áirítear úsáideoirí deiridh;

(b) 

táscairí agus tacair sonraí iomchuí a fhorbairt nó a fheabhsú, a bhaineann le saincheist na bochtaineachta fuinnimh, ar cheart iad a úsáid agus a thuairisciú;

(c) 

modhanna agus bearta chun inacmhainneacht na gcostas maireachtála a áirithiú, cur chun cinn na neodrachta ó thaobh costais tithíochta de a áirithiú, nó chun a áirithiú go rachaidh an cistiú poiblí a infheistítear i mbearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh chun tairbhe d’úinéirí agus do thionóntaí d’fhoirgnimh agus d’aonaid tógála, go háirithe maidir le daoine a ndéanann bochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal, agus, i gcás inarb infheidhme, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta;

(d) 

bearta chun cásanna a chosc nó a leigheas ina bhfuil grúpaí áirithe i mbaol níos mó nó ina bhfuil níos mó baol ann go ndéanfaidh an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh nó go bhfuil siad níos so-ghabhálaí do dhrochthionchair na bochtaineachta fuinnimh amhail ar bhonn a n-ioncaim, inscne, reachta sláinte nó toisc gur duine de ghrúpa mionlaigh iad, agus na déimeagrafaice.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L1791
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.