|
+Airteagal 24 3. |
Airteagal 24 3.Chun tacú le daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal agus, i gcás inarb iomchuí, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas, i gcás inarb infheidhme:
(a)
bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme chun éifeachtaí dáileacháin a mhaolú ó bheartais agus ó bhearta eile, amhail bearta cánachais arna gcur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 10 den Treoir seo, nó trádáil astaíochtaí in earnáil na bhfoirgneamh agus an iompair a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Treoir 2003/87/CE;
(b)
an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an gcistiú poiblí atá ar fáil ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, an ranníocaíocht airgeadais arna fáil ag Ballstát ón gCiste Sóisialta ar son na hAeráide de bhun Airteagail 9 agus 14 de Rialachán (AE) 2023/955, agus ioncam ó cheantanna lamháltas ó thrádáil astaíochtaí de bhun CTA AE i gcomhréir le Treoir 2003/87/CE le haghaidh infheistíochtaí i mbearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh mar ghníomhaíochtaí tosaíochta;
(c)
infheistíochtaí luatha réamhbhreathnaitheacha a dhéanamh i mbearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh sula léireofar éifeacht ag tionchair dháilte ó bheartais agus ó bhearta eile;
(d)
cúnamh teicniúil agus leathadh amach cistithe chumasúcháin agus uirlisí airgeadais a chothú, amhail scéimeanna inbhille, cúlchiste áitiúil lamháltais caillteanais, cistí ráthaíochta, cistí atá dírithe ar athchóiriú domhain agus athchóiriú lena mbaineann gnóthachain íosta fuinnimh;
(e)
cúnamh teicniúil a chothú do ghníomhaithe sóisialta chun rannpháirtíocht ghníomhach na gcustaiméirí leochaileacha sa mhargadh fuinnimh, agus athruithe dearfacha ar a dtomhaltas fuinnimh a chur chun cinn;
(f)
rochtain a áirithiú ar airgeadas, ar dheontais nó ar fhóirdheontais atá faoi cheangal ag gnóthachain íosta fuinnimh agus rochtain ar iasachtaí bainc inacmhainne nó línte creidmheasa tiomnaithe a éascú dá bhrí sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|