+Airteagal 25 Measúnú agus pleanáil an téimh agus an fhuaraithe
---+Airteagal 25 1.
---+Airteagal 25 2.
---+Airteagal 25 3.
---+Airteagal 25 4.
---+Airteagal 25 5.
---+Airteagal 25 6.
|
Airteagal 25 Measúnú agus pleanáil an téimh agus an fhuaraithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 25 1.
|
Mar chuid dá phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus na nuashonruithe air de bhun Rialachán (AE) 2018/1999, tíolacfaidh gach Ballstát don Choimisiún measúnú cuimsitheach ar théamh agus ar fhuarú. Beidh sa mheasúnú cuimsitheach sin an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn X a ghabhann leis an Treoir seo agus beidh ag gabháil leis an measúnú a rinneadh de bhun Airteagal 15(7) de Threoir (AE) 2018/2001.
|
|
Airteagal 25 2.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar an deis do gheallsealbhóirí a ndéanann an measúnú cuimsitheach dá dtagraítear i mír 1 difear dóibh páirt a ghlacadh in ullmhú pleananna téimh agus fuaraithe, sa mheasúnú cuimsitheach agus sna beartais agus sna bearta, agus áiritheoidh siad ag an am céanna nach ndéanfaidh na húdaráis inniúla rúin trádála nó rúin ghnó a sainaithníodh mar rúin trádála nó rúin ghnó a nochtadh nó a fhoilsiú.
|
|
Airteagal 25 3.
|
Chun críoch an mheasúnaithe chuimsithigh dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh na Ballstáit anailís costais is tairbhe a chlúdaíonn a gcríoch ar bhonn na ndálaí aeráide, na hindéantachta eacnamaíche agus na hoiriúnachta teicniúla. Beidh sé de chumas ag an anailís costais is tairbhe na réitigh is éifeachtúla ó thaobh acmhainní agus costais de a shainaithint chun riachtanais téimh agus fuaraithe a chomhlíonadh, agus bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh á gcur san áireamh. D’fhéadfadh sé go mbeidh an anailís costais is tairbhe mar chuid de mheasúnú comhshaoil faoi Threoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
12
). Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as na hanailísí costais is tairbhe a dhéanamh, soláthróidh siad na modheolaíochtaí agus toimhdí mionsonraithe i gcomhréir le hIarscríbhinn XI agus bunóidh siad na nósanna imeachta don anailís eacnamaíoch agus déanfaidh iad a phoibliú.
|
|
Airteagal 25 4.
|
I gcás ina sainaithnítear leis an measúnú cuimsitheach dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus leis an anailís dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo acmhainneacht maidir le comhghiniúint ardéifeachtúlachta agus/nó téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil ó dhramhtheas a chur i bhfeidhm ar mó a dtairbhí ná na costais, déanfaidh na Ballstáit bearta leordhóthanacha chun bonneagar éifeachtúil téimh agus fuaraithe ceantair a fhorbairt chun forbairt suiteálacha chun dramhtheas a úsáid a spreagadh, lena n-áirítear san earnáil thionsclaíoch, agus/nó chun freastal ar fhorbairt na comhghiniúna ardéifeachtúlachta agus ar úsáid téimh agus fuaraithe ó dhramhtheas agus ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus le hAirteagal 26(7) agus (9). I gcás nach sainaithnítear sa mheasúnú cuimsitheach dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus san anailís dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo aon acmhainneacht ar mó a tairbhí ná na costais, lena n-áirítear na costais riaracháin a bhaineann leis an anailís costais is tairbhe dá dtagraítear in Airteagal 26(7), féadfaidh an Ballstát lena mbaineann, in éineacht leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, i gcás inarb infheidhme, suiteálacha a eisiamh ó na ceanglais a leagtar síos i míreanna 1 agus 3 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 25 5.
|
Glacfaidh na Ballstáit beartais agus bearta, lena n-áiritheofar go mbaintear amach an acmhainneacht a sainaithníodh sna measúnuithe cuimsitheacha a dhéanfar de bhun mhír 1 den Airteagal seo. Áireofar sna beartais agus sna bearta sin ar a laghad na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn X. Tabharfaidh gach Ballstát fógra faoi na beartais agus na bearta sin mar chuid den nuashonrú ar a phleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999, a phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ina dhiaidh sin ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 3 agus Airteagail 7 go 12 den Rialachán sin, agus na tuarascálacha náisiúnta ábhartha fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun an Rialacháin sin.
|
|
Airteagal 25 6.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go n-ullmhóidh na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla pleananna téimh agus fuaraithe áitiúla ar a laghad i mbardais ina bhfuil daonra atá níos airde ná 45 000 . Ba cheart an méid seo a leanas, ar a laghad, a bheith i gceist leis na pleananna sin:
(a)
beidh siad bunaithe ar an bhfaisnéis agus ar na sonraí arna soláthar sna measúnuithe cuimsitheacha arna ndéanamh de bhun mhír 1 lena soláthrófar meastachán agus mapáil ar an acmhainneacht chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, lena n-áirítear trí ullmhacht téimh ceantair ar theocht íseal, comhghiniúint ardéifeachtúlachta, aisghabháil dramhaíola teasa, agus fuinneamh in-athnuaite i dtéamh agus i bhfuarú sa réimse áirithe sin;
(b)
beidh siad i gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh;
(c)
beidh straitéis san áireamh iontu chun an acmhainneacht a sainaithníodh de bhun phointe (a) a úsáid;
(d)
ullmhófar iad le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí réigiúnacha nó áitiúla ábhartha uile agus áiritheoidh siad rannpháirtíocht an phobail i gcoitinne, lena n-áirítear oibreoirí bonneagair áitiúil fuinnimh;
(e)
an bonneagar ábhartha fuinnimh atá ann cheana a chur san áireamh;
(f)
déanfar machnamh iontu ar chomhriachtanais na bpobal áitiúil agus an iliomad aonad nó réigiún áitiúil nó réigiúnach riaracháin;
(g)
déanfar measúnú leo ar an ról atá ag comhphobail fuinnimh agus ag tionscnaimh eile thomhaltóirthreoraithe ar féidir leo rannchuidiú go gníomhach le tionscadail áitiúla téimh agus fuaraithe a chur chun feidhme;
(h)
anailís ar fhearais agus ar chórais téimh agus fuaraithe a áireamh i stoic áitiúla foirgneamh, agus aird chuí á tabhairt ar na féidearthachtaí a bhaineann go sonrach le limistéar do bhearta éifeachtúlachta fuinnimh agus aghaidh á tabhairt ar na foirgnimh is measa feidhmíochta agus ar riachtanais teaghlach leochaileach;
(i)
déanfar measúnú leo ar conas cur chun feidhme na mbeartas agus na mbeart a mhaoiniú agus sásraí airgeadais a shainaithint lena gceadaítear do thomhaltóirí aistriú chuig téamh agus fuarú in-athnuaite;
(j)
déanfar conair chun spriocanna na bpleananna a bhaint amach i gcomhréir le neodracht aeráide agus faireachán ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na mbeartas agus na mbeart a sainaithníodh a áireamh leo;
(k)
féachaint le seanfhearais téimh agus fuaraithe i gcomhlachtaí poiblí a athsholáthar le roghanna malartacha an-éifeachtúil agus é mar aidhm leis sin deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise;
(l)
déanfar measúnú leo ar shineirgí féideartha le pleananna na n-údarás réigiúnach nó áitiúil comharsanachta chun infheistíochtaí comhpháirteacha agus costéifeachtúlacht a spreagadh.
Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar an deis do na páirtithe ábhartha uile, lena n-áirítear geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha, páirt a ghlacadh in ullmhú na bpleananna téimh agus fuaraithe, an measúnú cuimsitheach dá dtagraítear i mír 1 agus na beartais agus na bearta dá dtagraítear i mír 5. Chun na críche sin, forbróidh na Ballstáit moltaí lena dtacófar leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla chun beartais agus bearta a chur chun feidhme maidir le téamh agus fuarú atá tíosach ar fhuinneamh agus atá bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil agus leas á bhaint as an acmhainneacht a shainaithnítear. Tacóidh na Ballstáit, a mhéid is féidir, le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla trí aon mhodh lena n-áirítear tacaíocht airgeadais agus scéimeanna tacaíochta teicniúla. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na pleananna téimh agus fuaraithe a ailíniú le ceanglais pleanála áitiúla eile i réimsí na haeráide, an fhuinnimh agus an chomhshaoil, chun ualach riaracháin ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a sheachaint agus chun cur chun feidhme éifeachtach na bpleananna a spreagadh. Féadfaidh grúpa d’údaráis áitiúla comharsanachta éagsúla pleananna téimh agus fuaraithe áitiúla a chur i gcrích i gcomhar le chéile ar choinníoll gurb iomchuí an comhthéacs geografach agus riaracháin mar aon leis an mbonneagar téimh agus fuaraithe. Déanfaidh údarás inniúil measúnú ar phleananna téimh agus fuaraithe áitiúla agus, más gá, déanfaidh sé bearta cur chun feidhme iomchuí ina dhiaidh sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L1791
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|