|
+Airteagal 25 6. |
Airteagal 25 6.Áiritheoidh na Ballstáit go n-ullmhóidh na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla pleananna téimh agus fuaraithe áitiúla ar a laghad i mbardais ina bhfuil daonra atá níos airde ná 45 000 . Ba cheart an méid seo a leanas, ar a laghad, a bheith i gceist leis na pleananna sin:
(a)
beidh siad bunaithe ar an bhfaisnéis agus ar na sonraí arna soláthar sna measúnuithe cuimsitheacha arna ndéanamh de bhun mhír 1 lena soláthrófar meastachán agus mapáil ar an acmhainneacht chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, lena n-áirítear trí ullmhacht téimh ceantair ar theocht íseal, comhghiniúint ardéifeachtúlachta, aisghabháil dramhaíola teasa, agus fuinneamh in-athnuaite i dtéamh agus i bhfuarú sa réimse áirithe sin;
(b)
beidh siad i gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh;
(c)
beidh straitéis san áireamh iontu chun an acmhainneacht a sainaithníodh de bhun phointe (a) a úsáid;
(d)
ullmhófar iad le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí réigiúnacha nó áitiúla ábhartha uile agus áiritheoidh siad rannpháirtíocht an phobail i gcoitinne, lena n-áirítear oibreoirí bonneagair áitiúil fuinnimh;
(e)
an bonneagar ábhartha fuinnimh atá ann cheana a chur san áireamh;
(f)
déanfar machnamh iontu ar chomhriachtanais na bpobal áitiúil agus an iliomad aonad nó réigiún áitiúil nó réigiúnach riaracháin;
(g)
déanfar measúnú leo ar an ról atá ag comhphobail fuinnimh agus ag tionscnaimh eile thomhaltóirthreoraithe ar féidir leo rannchuidiú go gníomhach le tionscadail áitiúla téimh agus fuaraithe a chur chun feidhme;
(h)
anailís ar fhearais agus ar chórais téimh agus fuaraithe a áireamh i stoic áitiúla foirgneamh, agus aird chuí á tabhairt ar na féidearthachtaí a bhaineann go sonrach le limistéar do bhearta éifeachtúlachta fuinnimh agus aghaidh á tabhairt ar na foirgnimh is measa feidhmíochta agus ar riachtanais teaghlach leochaileach;
(i)
déanfar measúnú leo ar conas cur chun feidhme na mbeartas agus na mbeart a mhaoiniú agus sásraí airgeadais a shainaithint lena gceadaítear do thomhaltóirí aistriú chuig téamh agus fuarú in-athnuaite;
(j)
déanfar conair chun spriocanna na bpleananna a bhaint amach i gcomhréir le neodracht aeráide agus faireachán ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na mbeartas agus na mbeart a sainaithníodh a áireamh leo;
(k)
féachaint le seanfhearais téimh agus fuaraithe i gcomhlachtaí poiblí a athsholáthar le roghanna malartacha an-éifeachtúil agus é mar aidhm leis sin deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise;
(l)
déanfar measúnú leo ar shineirgí féideartha le pleananna na n-údarás réigiúnach nó áitiúil comharsanachta chun infheistíochtaí comhpháirteacha agus costéifeachtúlacht a spreagadh. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar an deis do na páirtithe ábhartha uile, lena n-áirítear geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha, páirt a ghlacadh in ullmhú na bpleananna téimh agus fuaraithe, an measúnú cuimsitheach dá dtagraítear i mír 1 agus na beartais agus na bearta dá dtagraítear i mír 5. Chun na críche sin, forbróidh na Ballstáit moltaí lena dtacófar leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla chun beartais agus bearta a chur chun feidhme maidir le téamh agus fuarú atá tíosach ar fhuinneamh agus atá bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil agus leas á bhaint as an acmhainneacht a shainaithnítear. Tacóidh na Ballstáit, a mhéid is féidir, le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla trí aon mhodh lena n-áirítear tacaíocht airgeadais agus scéimeanna tacaíochta teicniúla. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na pleananna téimh agus fuaraithe a ailíniú le ceanglais pleanála áitiúla eile i réimsí na haeráide, an fhuinnimh agus an chomhshaoil, chun ualach riaracháin ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a sheachaint agus chun cur chun feidhme éifeachtach na bpleananna a spreagadh. Féadfaidh grúpa d’údaráis áitiúla comharsanachta éagsúla pleananna téimh agus fuaraithe áitiúla a chur i gcrích i gcomhar le chéile ar choinníoll gurb iomchuí an comhthéacs geografach agus riaracháin mar aon leis an mbonneagar téimh agus fuaraithe. Déanfaidh údarás inniúil measúnú ar phleananna téimh agus fuaraithe áitiúla agus, más gá, déanfaidh sé bearta cur chun feidhme iomchuí ina dhiaidh sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|