►C1
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh oibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin gáis agus leictreachais bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 3 den Treoir seo
◄ ina gcuid cinntí pleanála líonra, forbartha líonra agus infheistíochta. Fíoróidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis náisiúnta ainmnithe eile go ndéanfaidh na modheolaíochtaí a úsáideann oibreoirí córais tarchuir agus oibreoirí córais dáileacháin roghanna malartacha a mheas san anailís costais is tairbhe agus go gcuirfear san áireamh na tairbhí níos leithne a bhaineann le réitigh éifeachtúlachta fuinnimh, solúbthacht ó thaobh an éilimh de agus infheistíocht i sócmhainní a rannchuidíonn le maolú ar an athrú aeráide.
►C1
Fíoróidh na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis ainmnithe eile freisin go gcuirfidh na hoibreoirí córais tarchuir nó na hoibreoirí córais dáileacháin bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh chun feidhme
◄ nuair a bheidh a dtionscadail agus a bpleananna forbartha gréasáin á bhformheas, á bhfíorú nó nuair a bheidh faireachán á dhéanamh orthu de bhun Airteagal 22 de Threoir 2009/73/CE agus de bhun Airteagal 32(3) agus Airteagal 51 de Threoir (AE) 2019/944.
►C1
Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta modheolaíochtaí agus treoir a sholáthar maidir le conas measúnú a dhéanamh ar roghanna malartacha san anailís costais is tairbhe i ndlúthchomhar leis na hoibreoirí córais tarchuir agus leis na hoibreoirí córais dáileacháin, ar féidir leo saineolas teicniúil lárnach a roinnt.
◄