+Airteagal 27 Trasfhoirmiú, tarchur agus dáileadh fuinnimh
---+Airteagal 27 1.
---+Airteagal 27 2.
---+Airteagal 27 3.
---+Airteagal 27 4.
---+Airteagal 27 5.
---+Airteagal 27 6.
---+Airteagal 27 7.
---+Airteagal 27 8.
---+Airteagal 27 9.
---+Airteagal 27 10.
---+Airteagal 27 11.
|
Airteagal 27 Trasfhoirmiú, tarchur agus dáileadh fuinnimh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 27 1.
|
Cuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh i bhfeidhm, i gcomhréir le hAirteagal 3 den Treoir seo, agus na cúraimí rialála dá bhforáiltear i dTreoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944 á ndéanamh acu i ndáil lena gcinntí maidir le feidhmiú an bhonneagair gáis agus leictreachais, lena n-áirítear a gcinntí maidir le taraifí líonra. Sa bhreis ar bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, féadfaidh na húdaráis rialála fuinnimh náisiúnta cost-éifeachtúlacht, éifeachtúlacht córais agus slándáil an tsoláthair, agus comhtháthú an mhargaidh, a chur san áireamh, agus spriocanna aeráide agus inbhuanaitheacht an Aontais á gcosaint ag an am céanna, mar a leagtar amach in Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/943 agus in Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009.
|
|
Airteagal 27 2.
|
►C1
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh oibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin gáis agus leictreachais bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 3 den Treoir seo ◄ ina gcuid cinntí pleanála líonra, forbartha líonra agus infheistíochta. Fíoróidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis náisiúnta ainmnithe eile go ndéanfaidh na modheolaíochtaí a úsáideann oibreoirí córais tarchuir agus oibreoirí córais dáileacháin roghanna malartacha a mheas san anailís costais is tairbhe agus go gcuirfear san áireamh na tairbhí níos leithne a bhaineann le réitigh éifeachtúlachta fuinnimh, solúbthacht ó thaobh an éilimh de agus infheistíocht i sócmhainní a rannchuidíonn le maolú ar an athrú aeráide.
►C1
Fíoróidh na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis ainmnithe eile freisin go gcuirfidh na hoibreoirí córais tarchuir nó na hoibreoirí córais dáileacháin bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh chun feidhme ◄ nuair a bheidh a dtionscadail agus a bpleananna forbartha gréasáin á bhformheas, á bhfíorú nó nuair a bheidh faireachán á dhéanamh orthu de bhun Airteagal 22 de Threoir 2009/73/CE agus de bhun Airteagal 32(3) agus Airteagal 51 de Threoir (AE) 2019/944.
►C1
Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta modheolaíochtaí agus treoir a sholáthar maidir le conas measúnú a dhéanamh ar roghanna malartacha san anailís costais is tairbhe i ndlúthchomhar leis na hoibreoirí córais tarchuir agus leis na hoibreoirí córais dáileacháin, ar féidir leo saineolas teicniúil lárnach a roinnt. ◄
|
|
Airteagal 27 3.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh oibreoirí córais tarchuir agus dáileacháin faireachán agus cainníochtú ar mhéid foriomlán na gcaillteanas gréasáin agus, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus ó thaobh airgeadais de, go ndéanfaidh siad na gréasáin a bharrfheabhsú agus go bhfeabhsóidh siad éifeachtúlacht gréasáin. Déanfaidh na hoibreoirí córais tarchuir agus dáileacháin na bearta sin, agus an coigilteas fuinnimh a bhfuiltear ag súil leis trí laghdú na gcaillteanas líonra, a thuairisciú don údarás náisiúnta rialála fuinnimh. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh oibreoirí córais tarchuir agus dáileacháin measúnú ar bhearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh i ndáil leis na córais tarchurtha nó dáileacháin gáis nó leictreachais atá acu cheana agus go bhfeabhsóidh siad an éifeachtúlacht fuinnimh sa dearadh bonneagair agus i bhfeidhmiú an bhonneagair, go háirithe ó thaobh imscaradh eangaí cliste de. Spreagfaidh na Ballstáit na hoibreoirí córais tarchuir agus dáileacháin chun réitigh nuálacha a fhorbairt chun éifeachtúlacht fuinnimh na gcóras atá ann cheana agus na gcóras a bheidh ann amach anseo a fheabhsú trí rialacháin dreasacht-bhunaithe i gcomhréir leis na prionsabail taraife a leagtar amach in Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/943 agus in Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009.
|
|
Airteagal 27 4.
|
Cuirfidh na húdaráis náisiúnta rialála fuinnimh roinn shonrach san áireamh faoin dul chun cinn a baineadh amach i dtaobh feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh i ndáil le feidhmiú an bhonneagair gáis agus leictreachais sa tuarascáil bhliantúil arna tarraingt suas de bhun Airteagal 41 de Threoir 2009/73/CE agus de bhun Airteagal 59(1), pointe (i), de Threoir (AE) 2019/944. Sna tuarascálacha sin, soláthróidh na húdaráis náisiúnta rialála fuinnimh measúnú ar an éifeachtúlacht fhoriomlán in oibriú an bhonneagair gáis agus leictreachais,
►C1
na bearta arna ndéanamh ag oibreoirí córais tarchuir agus dáileacháin ◄ agus, i gcás inarb infheidhme, soláthróidh siad moltaí le haghaidh feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh, lena n-áirítear roghanna malartacha costéifeachtúla a laghdaíonn buaic-ualaí agus úsáid fhoriomlán.
|
|
Airteagal 27 5.
|
Maidir le leictreachas, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh rialáil gréasáin agus taraifí gréasáin na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII, agus cóid ghréasáin agus treoirlínte arna bhforbairt de bhun Rialachán (AE) 2019/943 agus an oibleagáid a leagtar amach in Airteagal 59(7), pointe (a), de Threoir (AE) 2019/944 á gcur san áireamh ionas go bhféadfar na hinfheistíochtaí is gá sna gréasáin a dhéanamh ar bhealach a áiritheoidh inmharthanacht na ngréasán.
|
|
Airteagal 27 6.
|
Féadfaidh na Ballstáit comhpháirteanna scéimeanna agus struchtúir taraifí a bhfuil aidhm shóisialta acu a cheadú le haghaidh tarchur agus dáileachán fuinnimh eangach-cheangailte, ar choinníoll go gcoinneofar aon éifeachtaí suaiteacha ar an gcóras tarchuir agus dáileacháin ag an leibhéal is ísle is gá agus nach bhfuil siad díréireach leis an aidhm shóisialta.
|
|
Airteagal 27 7.
|
►C1
Áiritheoidh na húdaráis rialála náisiúnta go mbainfear na dreasachtaí sin sna taraifí tarchuir agus dáileacháin a dhéanann dochar d’éifeachtúlacht fuinnimh ghiniúint ◄ , tharchur, dháileadh agus sholáthar an leictreachais agus an gháis. Áiritheoidh na Ballstáit éifeachtúlacht i ndearadh bonneagair agus in oibriú an bhonneagair atá ann cheana, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/943, agus go bhfágfaidh na taraifí gur féidir freagairt ar an éileamh.
|
|
Airteagal 27 8.
|
Comhlíonfaidh oibreoirí córais tarchuir agus oibreoirí córais dáileacháin Iarscríbhinn XIV.
|
|
Airteagal 27 9.
|
I gcás inarb iomchuí, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta a cheangal ar oibreoirí córais tarchuir agus oibreoirí córais dáileacháin spreagadh a thabhairt don chomhghiniúint ardéifeachtúlachta a bheith lonnaithe gar do limistéir ina bhfuil éileamh teasa trí mhuirir nascachta agus úsáid an chórais a laghdú.
|
|
Airteagal 27 10.
|
Féadfaidh na Ballstáit ceadú do tháirgeoirí leictreachais ó chomhghiniúint ardéifeachtúlachta ar mian leo a nascadh leis an eangach glao ar thairiscintí a eisiúint don obair nasctha.
|
|
Airteagal 27 11.
|
Agus tuairisciú á dhéanamh faoi Threoir 2010/75/AE, agus gan dochar d’Airteagal 9(2) den Treoir sin, déanfaidh na Ballstáit a meas ar fhaisnéis a chur san áireamh faoi leibhéil éifeachtúlachta fuinnimh suiteálacha a dhéanann breoslaí a bhfuil ionchur teirmeach rátáilte iomlán 50 MW nó níos mó acu a dhó i bhfianaise na teicnící is fearr atá ar fáil arna bhforbairt i gcomhréir le Treoir 2010/75/AE.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L1791
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|