Cuirfidh na húdaráis náisiúnta rialála fuinnimh roinn shonrach san áireamh faoin dul chun cinn a baineadh amach i dtaobh feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh i ndáil le feidhmiú an bhonneagair gáis agus leictreachais sa tuarascáil bhliantúil arna tarraingt suas de bhun Airteagal 41 de Threoir 2009/73/CE agus de bhun Airteagal 59(1), pointe (i), de Threoir (AE) 2019/944. Sna tuarascálacha sin, soláthróidh na húdaráis náisiúnta rialála fuinnimh measúnú ar an éifeachtúlacht fhoriomlán in oibriú an bhonneagair gáis agus leictreachais,
►C1
na bearta arna ndéanamh ag oibreoirí córais tarchuir agus dáileacháin
◄ agus, i gcás inarb infheidhme, soláthróidh siad moltaí le haghaidh feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh, lena n-áirítear roghanna malartacha costéifeachtúla a laghdaíonn buaic-ualaí agus úsáid fhoriomlán.