+Airteagal 30 An ciste náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh, maoiniú agus tacaíocht theicniúil
---+Airteagal 30 1.
---+Airteagal 30 2.
---+Airteagal 30 3.
---+Airteagal 30 4.
---+Airteagal 30 5.
---+Airteagal 30 6.
---+Airteagal 30 7.
---+Airteagal 30 8.
---+Airteagal 30 9.
---+Airteagal 30 10.
---+Airteagal 30 11.
---+Airteagal 30 12.
---+Airteagal 30 13.
---+Airteagal 30 14.
---+Airteagal 30 15.
---+Airteagal 30 16.
---+Airteagal 30 17.
---+Airteagal 30 18.
|
Airteagal 30 An ciste náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh, maoiniú agus tacaíocht theicniúil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 30 1.
|
Gan dochar d’Airteagail 107 agus 108 CFAE, éascóidh na Ballstáit bunú saoráidí maoinithe, nó úsáid a bhaint as cinn atá ann cheana, le haghaidh bearta feabhsaithe ar éifeachtúlacht fuinnimh chun na tairbhí a bhaineann le hilsreafaí maoinithe a uasmhéadú agus deontais, ionstraimí airgeadais agus cúnamh teicniúil a chur le chéile.
|
|
Airteagal 30 2.
|
Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, go díreach nó trí institiúidí airgeadais, cúnamh a thabhairt do na Ballstáit chun saoráidí maoinithe agus saoráidí forbartha cúnaimh theicniúil ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil arb é is aidhm dóibh infheistíochtaí san éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú in earnálacha éagsúla, agus daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal agus, i gcás inarb iomchuí, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta, a chosaint agus a chumhachtú, lena n-áirítear trí ghné an chomhionannais a chomhtháthú ionas nach bhfágfar aon duine ar lár.
|
|
Airteagal 30 3.
|
Glacfaidh na Ballstáit bearta lena gcuirfear chun cinn táirgí iasachtúcháin éifeachtúlachta fuinnimh, amhail morgáistí glasa agus iasachtaí glasa, urraithe agus neamhurraithe, agus lena n-áiritheofar go ndéanfaidh institiúidí airgeadais iad a thairiscint go forleathan agus go neamh-idirdhealaitheach agus go mbeidh siad infheicthe ag tomhaltóirí agus go mbeidh rochtain ag tomhaltóirí orthu. Glacfaidh na Ballstáit bearta chun cur chun feidhme scéimeanna maoinithe inbhille agus inchánach a éascú, agus an treoir ón gCoimisiún a chuirtear ar fáil i gcomhréir le mír 10 á cur san áireamh. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh bainc agus institiúidí airgeadais eile faisnéis faoi dheiseanna chun a bheith rannpháirteach i maoiniú na mbeart um fheabhsú ar éifeachtúlacht fuinnimh, lena n-áirítear trí chomhpháirtíochtaí príobháideacha/poiblí a chruthú. Molfaidh na Ballstáit go mbunófaí saoráidí ráthaíochta iasachta le haghaidh infheistíocht éifeachtúlachta fuinnimh.
|
|
Airteagal 30 4.
|
Gan dochar d’Airteagail 107 agus 108 CFAE, cuirfidh na Ballstáit chun cinn bunú scéimeanna tacaíochta airgeadais chun glacadh beart feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a mhéadú chun athchóiriú substaintiúil a dhéanamh ar chórais téimh agus fuaraithe aonair agus ceantair.
|
|
Airteagal 30 5.
|
Cuirfidh na Ballstáit chun cinn bunú saineolais áitiúil agus cúnaimh theicniúil, i gcás inarb iomchuí trí ghréasáin agus saoráidí atá ann cheana, chun comhairle a thabhairt maidir le dea-chleachtais i ndáil le dícharbónú a bhaint amach i dtéamh agus fuarú ceantair áitiúil, amhail rochtain ar thacaíocht thiomnaithe airgeadais.
|
|
Airteagal 30 6.
|
Éascóidh an Coimisiún malartú dea-chleachtas idir na húdaráis nó comhlachtaí inniúla náisiúnta nó réigiúnacha, lena n-áirítear trí bhíthin cruinnithe bliantúla na gcomhlachtaí rialála, bunachair sonraí poiblí ina mbeidh faisnéis maidir le cur chun feidhme beart ag na Ballstáit, agus comparáidí idir tíortha.
|
|
Airteagal 30 7.
|
Chun maoiniú príobháideach a shlógadh i gcomhar bearta éifeachtúlachta fuinnimh agus athchóiriú fuinnimh agus chun rannchuidiú le spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais agus na rannchuidithe náisiúnta de bhun Airteagal 4 den Treoir seo agus na cuspóirí i dTreoir 2010/31/AE a bhaint amach, beidh idirphlé ag an gCoimisiún le hinstitiúidí airgeadais poiblí agus príobháideacha araon, chomh maith le hearnálacha sonracha ábhartha chun riachtanais agus gníomhaíochtaí a bhféadfaidh sé dul ina mbun a leagan amach.
|
|
Airteagal 30 8.
|
Áireofar na heilimintí seo a leanas sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 7:
(a)
infheistíocht chaipitil a shlógadh in éifeachtúlacht fuinnimh trí thionchair níos leithne coigiltis fuinnimh a chur san áireamh;
(b)
cur chun feidhme ionstraimí airgeadais agus scéimeanna maoiniúcháin atá tiomnaithe don éifeachtúlacht fuinnimh a éascú ar scála arna chur ar bun ag institiúidí airgeadais;
(c)
sonraí feidhmíochta fuinnimh agus airgeadais níos fearr a áirithiú tríd an méid seo a leanas:
(i)
tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh ar an mbealach a gcuireann infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh le luachanna sócmhainní bunúsacha;
(ii)
tacú le staidéir chun measúnú a dhéanamh ar luach airgid a chur ar thairbhí neamhfhuinnimh infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh.
|
|
Airteagal 30 9.
|
Chun maoiniú príobháideach na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh agus an athchóirithe fuinnimh a shlógadh, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas agus an Treoir seo á cur chun feidhme acu:
(a)
breithneoidh siad bealaí chun úsáid níos fearr a bhaint as córais bainistíochta fuinnimh agus iniúchtaí fuinnimh faoi Airteagal 11 chun tionchar a imirt ar chinnteoireacht;
(b)
bainfidh siad an úsáid is fearr is féidir as na féidearthachtaí agus na huirlisí atá ar fáil i mbuiséad an Aontais agus a mholtar sa tionscnamh maidir le foirgnimh chliste agus i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal A Renovation Wave for Europe - greening our buildings, creating jobs, improving lives [Rabharta Athchóiriúcháin don Eoraip - glasú na bhfoirgneamh seo againne, cruthú post agus feabhsú na cáilíochta saoil].
|
|
Airteagal 30 10.
|
Faoin 31 Nollaig 2024, cuirfidh an Coimisiún treoir ar fáil do na Ballstáit agus do ghníomhaithe sa mhargadh i ndáil leis an mbealach chun leas a bhaint as infheistíocht phríobháideach. Is é an cuspóir a bheidh ag an treoir cabhrú leis na Ballstáit agus le gníomhaithe sa mhargadh a gcuid infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh a fhorbairt agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear sna cláir éagsúla de chuid an Aontais, agus molfaidh siad sásraí airgeadais leordhóthanacha agus réitigh maoiniúcháin nuálacha, ina mbeidh meascán de dheontais, ionstraimí airgeadais agus cúnamh um fhorbairt tionscadal, chun tionscadail atá ann cheana a mhéadú agus cláir an Aontais a úsáid mar chatalaíoch chun maoiniú príobháideach a ghiaráil agus a spreagadh.
|
|
Airteagal 30 11.
|
Féadfaidh na Ballstáit ciste náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh a bhunú. Is é is an cuspóir a bheidh ag an gciste seo bearta éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme chun tacú leis na Ballstáit a rannchuidithe náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh agus a gconairí táscacha dá dtagraítear in Airteagal 4(2) a bhaint amach. Féadfar an ciste náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh a bhunú mar chiste tiomnaithe laistigh de shaoráid náisiúnta atá ann cheana agus a chuireann infheistíochtaí caipitil chun cinn. Féadfar an ciste náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh a mhaoiniú le hioncam ó na ceantanna liúntais de bhun CTA AE ar fhoirgnimh agus ar earnálacha iompair.
|
|
Airteagal 30 12.
|
I gcás ina ndéanann na Ballstáit cistí náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh, dá dtagraítear i mír 11 den Airteagal seo, a chur ar bun ag na Ballstáit, bunóidh siad ionstraimí maoiniúcháin, lena n-áirítear ráthaíochtaí poiblí, chun glacadh na n-infheistíochtaí príobháideacha san éifeachtúlacht fuinnimh agus na dtáirgí iasachtúcháin éifeachtúlachta fuinnimh agus na scéimeanna nuálacha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a mhéadú. De bhun Airteagail 8(3) agus 24, tacóidh an ciste náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh le cur chun feidhme na mbeart mar thosaíocht i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha, daoine i dteaghlaigh ar ioncam íseal agus, i gcás inarb iomchuí, daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta. Áireofar sa tacaíocht sin maoiniú le haghaidh bearta éifeachtúlachta fuinnimh i gcomhair FBManna chun maoiniú príobháideach a ghiaráil agus a spreagadh i gcomhair FBManna.
|
|
Airteagal 30 13.
|
Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do chomhlachtaí poiblí na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 6(1) a chomhlíonadh trí bhíthin ranníocaíochtaí bliantúla a dhéanamh leis an gciste náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh atá coibhéiseach le méid na n-infheistíochtaí atá de dhíth chun na hoibleagáidí sin a bhaint amach.
|
|
Airteagal 30 14.
|
Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh gur féidir le páirtithe faoi oibleagáid a n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 8(1) agus 4 a chomhlíonadh trí ranníocaíocht a dhéanamh gach bliain leis an gciste náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh, ar méid é atá cothrom leis na hinfheistíochtaí a theastaíonn chun na hoibleagáidí sin a bhaint amach.
|
|
Airteagal 30 15.
|
Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as a n-ioncam ó na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí faoi Chinneadh Uimh. 406/2009/CE chun maoiniú nuálach a fhorbairt le haghaidh feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh.
|
|
Airteagal 30 16.
|
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht na tacaíochta cistiúcháin poiblí maidir le héifeachtúlacht fuinnimh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, agus ar chumas na mBallstát glacadh infheistíochtaí príobháideacha san éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, agus riachtanais maoiniúcháin phoiblí a chuirtear in iúl sna pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide á gcur san áireamh. Measúnóidh an Coimisiún an bhféadfadh sásra éifeachtúlachta fuinnimh ar leibhéal an Aontais, a bhfuil sé mar chuspóir leis go soláthróidh sé ráthaíocht AE, cúnamh teicniúil agus deontais ghaolmhara chun cur chun feidhme ionstraimí airgeadais a chumasú, agus scéimeanna maoiniúcháin agus tacaíochta ar an leibhéal náisiúnta, tacú ar bhealach costéifeachtach le baint amach spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh agus aeráide an Aontais, agus, más iomchuí, molfaidh sé go mbunófaí sásra den sórt sin. Chuige sin, tíolacfaidh an Coimisiún faoin 30 Márta 2024 tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, lena mbeidh tograí reachtacha ag gabháil, i gcás inarb iomchuí.
|
|
Airteagal 30 17.
|
Déanfaidh na Ballstáit na sonraí seo a leanas a thuairisciú don Choimisiúin faoin 15 Márta 2025 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, mar chuid dá dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17 agus i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2018/1999:
(a)
méid na n-infheistíochtaí poiblí in éifeachtúlacht fuinnimh agus an meánfhachtóir giarála a bhaintear amach le cistiú poiblí a thacaíonn le bearta éifeachtúlachta fuinnimh;
(b)
méid na dtáirgí iasachtúcháin éifeachtúlachta fuinnimh, agus idirdhealú á dhéanamh idir táirgí éagsúla;
(c)
i gcás inarb ábhartha, cláir maoiniúcháin náisiúnta a cuireadh i bhfeidhm chun méadú a dhéanamh ar ghlacadh na héifeachtúlachta fuinnimh agus na ndea-chleachtas, agus scéimeanna maoiniúcháin nuálacha don éifeachtúlacht fuinnimh.
Chun ullmhú na tuarascála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a éascú, déanfaidh an Coimisiún na ceanglais a leagtar amach san fhomhír sin a chomhtháthú sa teimpléad coiteann a leagtar síos sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 17(4) de Rialachán (AE) 2018/1999.
|
|
Airteagal 30 18.
|
Chun an oibleagáid dá dtagraítear i mír 17, pointe (b), a chomhlíonadh, agus gan dochar do bhearta náisiúnta breise, cuirfidh na Ballstáit san áireamh na hoibleagáidí maidir le nochtadh atá ar institiúidí airgeadais cheana, lena n-áirítear:
(a)
na rialacha maidir le nochtadh le haghaidh institiúidí creidmheasa faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún (
14
);
(b)
na ceanglais maidir le nochtadh rioscaí ESG atá ar institiúidí creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 449a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
15
).
Chun bailiú agus comhiomlánú sonraí maidir le toirt an táirge iasachtúcháin éifeachtúlachta fuinnimh a éascú chun críche an oibleagáid dá dtagraítear i mír 17, bpointe (b), a chomhlíonadh, déanfaidh an Coimisiún, faoin 15 Márta 2024, treoir a thabhairt do na Ballstáit maidir leis na socruithe chun rochtain a fháil ar shonraí maidir le toirt na dtáirgí iasachtúcháin éifeachtúlachta fuinnimh ar leibhéal náisiúnta, chun iad a bhailiú agus chun iad a chomhiomlánú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L1791
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|