+Airteagal 31 Fachtóirí coinbhéartachta agus fachtóirí fuinnimh phríomhúil
---+Airteagal 31 1.
---+Airteagal 31 2.
---+Airteagal 31 3.
---+Airteagal 31 4.
---+Airteagal 31 5.
---+Airteagal 31 6.
---+Airteagal 31 7.
|
Airteagal 31 Fachtóirí coinbhéartachta agus fachtóirí fuinnimh phríomhúil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 31 1.
|
Chun an coigilteas fuinnimh a chur i gcomparáid agus a thiontú go haonad inchomparáide, beidh feidhm ag na glanluachanna calracha atá in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/2066 agus na fachtóirí fuinnimh phríomhúil a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo ach amháin más féidir bonn cirt a thabhairt d’úsáid luachanna nó fachtóirí eile.
|
|
Airteagal 31 2.
|
Beidh fachtóir fuinnimh phríomhúil infheidhme nuair a dhéantar coigilteas fuinnimh a ríomh i dtéarmaí fuinnimh phríomhúil trí úsáid a bhaint as cur chuige ón mbun aníos bunaithe ar thomhaltas fuinnimh deiridh.
|
|
Airteagal 31 3.
|
I gcás coigilteas i leictreachas kWh, cuirfidh na Ballstáit comhéifeacht i bhfeidhm chun an coigilteas i dtomhaltas fuinnimh phríomhúil a eascraíonn as a ríomh go cruinn. Cuirfidh na Ballstáit comhéifeacht réamhshocraithe 1,9 i bhfeidhm ach amháin má úsáideann siad a ndiscréid chun comhéifeacht éagsúil a shainiú bunaithe ar imthosca náisiúnta a bhfuil bonn cirt leo.
|
|
Airteagal 31 4.
|
Le haghaidh coigilteas in kWh a dhéanfaidh iompróirí fuinnimh eile, cuirfidh na Ballstáit comhéifeacht i bhfeidhm chun an coigilteas i dtomhaltas fuinnimh phríomhúil a eascraíonn as a ríomh go cruinn.
|
|
Airteagal 31 5.
|
I gcás ina mbunaíonn na Ballstáit a gcomhéifeacht féin ag luach réamhshocraithe a sholáthraítear de bhun na Treorach seo, déanfaidh na Ballstáit an chomhéifeacht sin a bhunú trí mhodheolaíocht thrédhearcach ar bhonn na n-imthosca náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla a dhéanann difear do thomhaltas fuinnimh phríomhúil. Beidh bunús leis na himthosca, agus beidh siad infhíoraithe agus bunaithe ar chritéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha.
|
|
Airteagal 31 6.
|
I gcás ina bhfuil a gcomhéifeacht féin á bunú acu, cuirfidh na Ballstáit san áireamh an meascán fuinnimh a áirítear sa nuashonrú ar a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999 agus ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ina dhiaidh sin a dtabharfar fógra ina leith don Choimisiún de bhun Airteagal 3 agus Airteagail 7 go 12 den Rialachán sin. I gcás ina n-imíonn siad ón luach réamhshocraithe, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin gcomhéifeacht a úsáideann siad mar aon leis an modheolaíocht ríofa agus na sonraí foluiteacha sna nuashonruithe sin agus sna pleananna ina dhiaidh sin.
|
|
Airteagal 31 7.
|
Faoin 25 Nollaig 2026 agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún na comhéifeachtaí réamhshocraithe a athscrúdú ar bhonn na sonraí iarbhír a fuarthas. Déanfar na hathbhreithnithe sin agus a dtionchair ar dhlí de chuid an Aontais amhail Treoir 2009/125/CE agus Rialachán (AE) 2017/1369 á gcur san áireamh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L1791
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|