+Airteagal 35 Athbhreithniú agus faireachán ar an gcur chun feidhme
---+Airteagal 35 1.
---+Airteagal 35 2.
---+Airteagal 35 3.
---+Airteagal 35 4.
---+Airteagal 35 5.
---+Airteagal 35 6.
---+Airteagal 35 7.
---+Airteagal 35 8.
|
Airteagal 35 Athbhreithniú agus faireachán ar an gcur chun feidhme
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 35 1.
|
I gcomhthéacs a thuarascála ar Staid an Aontais Fuinnimh, arna tíolacadh de bhun Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/1999, tuairisceoidh an Coimisiún ar fheidhmiú an mhargaidh carbóin i gcomhréir le hAirteagal 35(1) agus le Airteagal 35(2), pointe (c), den Rialachán sin, agus an tionchar a bhíonn ag cur chun feidhme na Treorach seo á chur san áireamh.
|
|
Airteagal 35 2.
|
Faoin 31 Deireadh Fómhair 2025 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar na bearta atá ann cheana chun méadú ar éifeachtúlacht fuinnimh agus dícharbónú i dtéamh agus i bhfuarú a bhaint amach. Cuirfear an méid seo a leanas ar fad san áireamh sa mheastóireacht:
(a)
éifeachtúlacht fuinnimh agus treochtaí astaíochtaí gás ceaptha teasa i dtéamh agus i bhfuarú, lena n-áirítear i dtéamh agus i bhfuarú ceantair;
(b)
idirnaisc idir na bearta a rinneadh;
(c)
athruithe ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i dtéamh agus i bhfuarú;
(d)
beartais agus bearta éifeachtúlachta fuinnimh atá ann cheana agus atá beartaithe agus beartais agus bearta maidir le gás ceaptha teasa a laghdú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta;
(e)
bearta a rinne na Ballstáit a sholáthar ina measúnuithe cuimsitheacha de bhun Airteagal 25(1) den Treoir seo agus a dtugtar fógra ina leith i gcomhréir le hAirteagal 17(1) de Rialachán (AE) 2018/1999.
Faoin 31 Deireadh Fómhair 2025 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an meastóireacht sin agus, i gcás inarb iomchuí, molfaidh sé bearta chun a áirithiú go mbainfear amach spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais.
|
|
Airteagal 35 3.
|
Roimh an 30 Aibreán gach bliain, cuirfidh na Ballstáit staidreamh maidir leis an táirgeadh náisiúnta leictreachais agus teasa ó chomhghiniúint ardéifeachtúlachta agus ísealéifeachtúlachta faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta a leagtar amach in Iarscríbhinn II, maidir leis an táirgeadh iomlán teasa agus leictreachais. Ina theannta sin, cuirfidh siad staidreamh bliantúil maidir le hacmhainneachtaí teasa agus leictreachais comhghiniúna agus breoslaí le haghaidh comhghiniúna, agus maidir le téamh agus fuarú ceantair a tháirgeadh agus a acmhainneachtaí, faoina bhráid i ndáil le táirgeadh agus acmhainneacht iomlán teasa agus leictreachais. Tíolacfaidh na Ballstáit staidreamh maidir leis an gcoigilteas fuinnimh phríomhúil a bhaintear amach trí chomhghiniúint a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn III.
|
|
Airteagal 35 4.
|
Faoin 1 Eanáir 2021, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ar bhonn measúnaithe ar phoitéinseal éifeachtúlachta fuinnimh i dtiontú, claochlú, tarchur, iompar agus stóráil fuinnimh, agus, i gcás inarb iomchuí, beidh tograí reachtacha ag gabháil léi.
|
|
Airteagal 35 5.
|
Faoin 31 Nollaig 2021, déanfaidh an Coimisiún, faoi réir aon athruithe ar na forálacha a bhaineann le margaí miondíola atá i dTreoir 2009/73/CE, measúnú maidir leis na forálacha a bhaineann le méadrú, faisnéis bhilleála agus faisnéis do thomhaltóirí i gcomhair gás nádúrtha, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an méid sin, agus é mar aidhm iad a ailíniú, i gcás inarb iomchuí, leis na forálacha ábhartha maidir leis an leictreachas i dTreoir (AE) 2019/944, chun cosaint tomhaltóirí a neartú agus ionas gur féidir le custaiméirí deiridh faisnéis níos minice, níos soiléire, cothrom le dáta faoina dtomhaltas gáis nádúrtha a fháil agus ionas gur féidir leo a n-úsáid fuinnimh a rialú. A luaithe is féidir tar éis an tuarascáil sin a thíolacadh, glacfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, tograí reachtacha.
|
|
Airteagal 35 6.
|
Faoin 31 Deireadh Fómhair 2022, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cibé acu a d’éirigh nó nár éirigh leis an Aontas príomhspriocanna 2020 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a bhaint amach.
|
|
Airteagal 35 7.
|
Faoin 28 Feabhra 2027, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur chun feidhme na Treorach seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Áireofar sa mheastóireacht sin:
(a)
measúnú ar a éifeachtaí atá an Treoir seo i gcoitinne agus ar a riachtanaí atá sé beartas an Aontais a choigeartú a thuilleadh i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras agus i bhfianaise forbairtí eacnamaíocha agus nuálaíochta;
(b)
measúnú mionsonraithe ar thionchar maicreacnamaíoch comhiomlánaithe na Treorach seo, agus béim á leagan ar na héifeachtaí ar shlándáil fuinnimh, praghsanna fuinnimh, bochtaineacht fuinnimh a íoslaghdú, fás eacnamaíoch, iomaíochas, cruthú post, costas soghluaisteachta agus cumhacht ceannaigh teaghlaigh san Aontais;
(c)
príomhspriocanna 2030 an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a leagtar síos in Airteagal 4(1) a mheas d'fhonn na spriocanna sin a choigeartú suas i gcás laghduithe suntasacha costais mar thoradh ar fhorbairtí eacnamaíocha nó teicniúla, nó i gcás inar gá chun spriocanna an Aontais don bhliain 2040 nó 2050 le haghaidh dícharbónú, nó a ghealltanais idirnáisiúnta le haghaidh dícharbónú, a chomhlíonadh;
(d)
cibé an leanann na Ballstáit de choigilteas nua bliantúil a bhaint amach nó nach leanann i gcomhréir le hAirteagal 8(1), an chéad fhomhír, pointe (b)(iv), ar feadh tréimhsí 10 mbliana tar éis 2030;
(e)
cibé an leanann na Ballstáit dá áirithiú go ndéanfar athchóiriú gach bliain nó nach leanann ar 3 % ar a laghad d’achar urláir iomlán foirgneamh téite agus/nó fuaraithe atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí i gcomhréir le hAirteagal 6(1) d’fhonn an ráta athchóirithe san Airteagal sin a athbhreithniú;
(f)
cibé an leanann na Ballstáit de choigilteas fuinnimh a bhaint amach nó nach leanann i measc daoine a ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh difear dóibh, custaiméirí leochaileacha agus, i gcás inarb infheidhme, i measc daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta, de bhun Airteagal 8(3) le haghaidh na dtréimhsí 10 mbliana tar éis 2030;
(g)
cibé an leanann na Ballstáit de laghdú ar thomhaltas fuinnimh deiridh a bhaint amach nó nach leanann i gcomhréir le hAirteagal 5(1);
(h)
tionchair na Treorach seo maidir le tacú le fás eacnamaíoch, aschur tionsclaíoch a mhéadú, foinsí in-athnuaite fuinnimh a imscaradh nó iarrachtaí ardleibhéil chun an aeráidneodracht a bhaint amach.
Cumhdófar sa mheastóireacht freisin na héifeachtaí ar iarrachtaí chun an geilleagar a leictriú agus hidrigin a thabhairt isteach, lena n-áirítear an bhféadfadh údar a bheith le haon athrú ar chóireáil foinsí fuinnimh in-athnuaite glana, agus molfar inti, i gcás inarb iomchuí, réitigh ar aon éifeacht dhíobhálach a d’fhéadfadh a bheith sainaitheanta. Beidh measúnú mionsonraithe ag gabháil leis an tuarascáil sin i dtaobh an gá an Treoir seo a leasú ar mhaithe le simpliú rialála agus, i gcás inarb iomchuí, beidh moltaí maidir le bearta breise ag gabháil léi.
|
|
Airteagal 35 8.
|
Faoin 31 Deireadh Fómhair 2032, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cibé acu a d’éirigh nó nár éirigh leis an Aontas príomhspriocanna 2030 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a bhaint amach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L1791
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|