|
+IARSCRÍBHINN XV ÍTIMÍ ÍOSTA ATÁ LE hÁIREAMH I gCONARTHAÍ FEIDHMÍOCHTA FUINNIMH NÓ SNA SONRAÍOCHTAÍ TAIRISCEANA GAOLMHARA |
IARSCRÍBHINN XV ÍTIMÍ ÍOSTA ATÁ LE hÁIREAMH I gCONARTHAÍ FEIDHMÍOCHTA FUINNIMH NÓ SNA SONRAÍOCHTAÍ TAIRISCEANA GAOLMHARA
IARSCRÍBHINN XV ÍTIMÍ ÍOSTA ATÁ LE hÁIREAMH I gCONARTHAÍ FEIDHMÍOCHTA FUINNIMH NÓ SNA SONRAÍOCHTAÍ TAIRISCEANA GAOLMHARA
—
Torthaí agus moltaí a leagtar amach in anailísí agus iniúchtaí fuinnimh a rinneadh sular tugadh an conradh i gcrích a chumhdaíonn úsáid fuinnimh an fhoirgnimh d’fhonn bearta feabhsúcháin éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme.
—
Liosta soiléir trédhearcach de na bearta éifeachtúlachta atá le cur chun feidhme nó de na torthaí éifeachtúlachta atá le fáil.
—
An coigilteas ráthaithe atá le baint amach trí bhearta an chonartha a chur chun feidhme.
—
Fad agus garspriocanna an chonartha, na téarmaí agus an tréimhse fógra.
—
Liosta soiléir trédhearcach d’oibleagáidí gach páirtí chonarthaigh.
—
Dáta nó dátaí tagartha chun an coigilteas a baineadh amach a shuíomh.
—
Liosta soiléir trédhearcach de na bearta atá le déanamh chun beart nó pacáiste beart a chur chun feidhme agus, i gcás inarb ábhartha, na costais ghaolmhara.
—
Oibleagáid chun na bearta sa chonradh agus doiciméadacht na n-athruithe uile a rinneadh le linn an tionscadail a chur chun feidhme go hiomlán.
—
Rialacháin lena sonraítear cuimsiú na gceanglas coibhéiseach in aon fhochonraitheoireacht le tríú páirtithe.
—
Léiriú soiléir trédhearcach ar impleachtaí airgeadais an tionscadail agus dáileadh sciar an dá pháirtí sa choigilteas airgid a baineadh amach (eadhon, luach saothair an tsoláthraí seirbhíse).
—
Forálacha soiléire trédhearcacha maidir le tomhas agus fíorú an choigiltis ráthaithe a bhaintear amach, na seiceálacha cáilíochta agus na ráthaíochtaí.
—
Forálacha lena soiléirítear an nós imeachta chun déileáil le coinníollacha creata athraitheacha a dhéanann difear d’ábhar agus do thoradh an chonartha, eadhon, praghsanna athraitheacha fuinnimh agus déine úsáide suiteála.
—
Faisnéis mhionsonraithe faoi oibleagáidí gach páirtí chonarthaigh agus faoi na pionóis i leith a sáraithe.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|