+Airteagal 3 Cuspóirí an Chláir
---+Airteagal 3 1
---+Airteagal 3 2
---+Airteagal 3 3
|
Airteagal 3 Cuspóirí an Chláir
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 1
|
1. Beidh na cuspóirí ginearálta seo a leanas ag an gClár:
|
(a)
|
soláthar agus infhaighteacht fhadtéarmach laistigh de chríoch an Aontais agus rochtain gan bhriseadh ar fud an domhain ar sheirbhísí cumarsáide rialtais satailíte atá slán, uathrialaitheach, ar ardcháilíocht, iontaofa agus costéifeachtach a áirithiú d’úsáideoirí atá údaraithe ag rialtas, trí chóras nascachta sláine ilfhithise a bhunú faoi rialú sibhialta agus trí thacú le bonneagair chriticiúla, de réir bhrí Threoir 2008/114/CE ón gComhairle (27), feasacht staide, gníomhaíochtaí seachtracha, bainistiú géarchéime agus feidhmchláir atá ríthábhachtach don gheilleagar, don chomhshaol, don tslándáil agus don chosaint a chosaint, agus, ar an gcaoi sin, athléimneacht agus uathriail an Aontais agus na mBallstát a mhéadú, agus a mbonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch cumarsáide satailíte a threisiú, agus spleáchas iomarcach ar réitigh nach bhfuil bunaithe san Aontas a sheachaint, go háirithe le haghaidh bonneagar criticiúil agus rochtain ar an spás;
|
|
(b)
|
soláthar seirbhísí tráchtála nó seirbhísí a thairgtear d’úsáideoirí atá údaraithe ag rialtas bunaithe ar bhonneagar tráchtála ag dálaí an mhargaidh ag an earnáil phríobháideach a chumasú i gcomhréir le dlí iomaíochta an Aontais is infheidhme chun, inter alia, forbairt bhreise ar leathanbhanda ardluais domhanda, agus nascacht gan uaim a éascú, chomh maith le criosanna marbha cumarsáide a bhaint agus an comhtháthú a mhéadú ar fud chríocha na mBallstát, agus, ag an am céanna, an bhearna dhigiteach á dúnadh agus rannchuidiú, i gcás inarb infheidhme, leis na cuspóirí ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2018/1972.
|
|
|
Airteagal 3 2
|
2. Beidh na cuspóirí sonracha seo a leanas ag an gClár:
|
(a)
|
na hacmhainneachtaí atá ag comhpháirt GOVSATCOM cheana agus a bheidh aici amach anseo a chomhlánú agus a chomhtháthú sa chóras nascachta sláine;
|
|
(b)
|
feabhas a chur ar athléimneacht, slándáil agus uathriail sheirbhísí cumarsáide an Aontais agus na mBallstát;
|
|
(c)
|
EuroQCI a fhorbairt a thuilleadh agus a chomhtháthú de réir a chéile sa chóras nascachta sláine;
|
|
(d)
|
ceart úsáide sliotán fithiseach agus minicíochtaí ábhartha a áirithiú;
|
|
(e)
|
stóinseacht sheirbhísí cumarsáide an Aontais agus na mBallstát agus cibear-athléimneacht an Aontais a mhéadú trí bhearta iomarcaíochta, cibearchosanta éighníomhaí réamhghníomhaí frithghníomhaí agus cibearshlándála oibríochtúla agus bearta cosanta i gcoinne cibearbhagairtí agus bearta eile i gcoinne bagairtí leictreamaighnéadacha a fhorbairt;
|
|
(f)
|
forbairt seirbhísí cumarsáide agus seirbhísí neamhchumarsáide breise a chumasú, i gcás inar féidir, go háirithe trí chomhpháirteanna Chlár Spáis an Aontais a fheabhsú, sineirgí a chruthú eatarthu agus a gcumais agus a seirbhísí a leathnú, chomh maith le seirbhísí neamhchumarsáide a fhorbairt atá le cur ar fáil do na Ballstáit, trí fhochórais satailíte bhreise a óstáil, lena n-áirítear pálastaí;
|
|
(g)
|
nuálaíocht, éifeachtúlacht, chomh maith le forbairt agus úsáid teicneolaíochtaí suaiteacha agus samhlacha gnó nuálacha ar fud éiceachóras spáis na hEorpa, a spreagadh, lena n-áirítear gníomhaithe Spáis Nua, iontrálaithe nua, gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna, chun iomaíochas earnáil spáis an Aontais a neartú;
|
|
(h)
|
nascacht shlán a fheabhsú thar limistéir gheografacha a bhfuil leas straitéiseach ag baint leo, amhail an Afraic agus an tArtach chomh maith le réigiúin Mhuir Bhailt, na Mara Duibhe, na Meánmhara, agus an tAtlantach;
|
|
(i)
|
sábháilteacht agus inbhuanaitheacht gníomhaíochtaí cianspáis a fheabhsú, trí bhearta iomchuí a chur chun feidhme chun iompar freagrach sa spás a áirithiú agus a chur chun cinn agus an Clár á chur chun feidhme, lena n-áirítear trí fhéachaint le hiomadú an smionagair spáis a chosc.
|
|
|
Airteagal 3 3
|
3. Leanfaidh beartú tosaíochta agus forbairt na seirbhísí neamhchumarsáide breise dá dtagraítear i mír 2, pointe (f), den Airteagal seo agus comhlíonfaidh a gcistiú faoi seach cuspóirí Rialachán (AE) 2021/696 agus déanfaidh coiste an Chláir scrúdú orthu, ag teacht le chéile dó san fhoirmíocht ábhartha, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/696.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.03.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R0588
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|