Airteagal 1
Leis an Rialachán seo, bunaítear Clár an Aontais um Nascacht Shlán (“an Clár”) ar feadh na ré atá fágtha de CAI 2021-2027. Leagtar síos le cuspóirí an Chláir, an buiséad don tréimhse 2023-2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar, agus na rialacha maidir leis an gClár a chur chun feidhme, agus aird á tabhairt ar Rialachán (AE) 2021/696.