+Airteagal 9 Seirbhísí rialtais
---+Airteagal 9 1
---+Airteagal 9 2
---+Airteagal 9 3
---+Airteagal 9 4
---+Airteagal 9 5
---+Airteagal 9 6
---+Airteagal 9 7
---+Airteagal 9 8
|
Airteagal 9 Seirbhísí rialtais
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 9 1
|
1. Soláthrófar seirbhísí rialtais do na rannpháirtithe sa Chlár dá dtagraítear in Airteagal 11(1), (2) agus (3).
|
|
Airteagal 9 2
|
2. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha mionsonraithe maidir le seirbhísí rialtais a sholáthar agus trí Airteagal 66 de Rialachán (AE) 2021/696 a chur san áireamh, ar bhonn éileamh comhdhlúithe na riachtanas reatha agus na riachtanas lena bhfuiltear ag coinne le haghaidh na seirbhísí éagsúla arna sainaithint in éineacht leis na Ballstáit, agus leithdháileadh dinimiciúil na n-acmhainní agus tosaíocht a thabhairt do na seirbhísí rialtais idir rannpháirtithe éagsúla an Chláir de réir ábharthacht agus chriticiúlacht riachtanais na n-úsáideoirí agus, i gcás inarb iomchuí, an chostéifeachtúlacht.
|
|
Airteagal 9 3
|
3. Cuirfear na seirbhísí rialtais dá dtagraítear in Airteagal 10(1) ar fáil saor in aisce d’úsáideoirí atá údaraithe ag rialtas.
|
|
Airteagal 9 4
|
4. Ceannóidh an Coimisiún na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 10(2), faoi dhálaí an mhargaidh, i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme den Rialachán Airgeadais agus é mar chuspóir soláthar na seirbhísí sin do na Ballstáit uile a ráthú. Cinnfear acmhainneacht bheacht agus leithdháileadh buiséid na seirbhísí sin sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ar bhonn ionchuir ó na Ballstáit.
|
|
Airteagal 9 5
|
5. De mhaolú ar mhír 3 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, nuair atá géarghá leis chun soláthar seirbhísí rialtais agus éileamh ar sheirbhísí rialtais a mheaitseáil, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, beartas praghsála a ghlacadh a bheidh i gcomhréir leis an mbeartas praghsála dá dtagraítear in Airteagal 63(1) de Rialachán (AE) 2021/696.
Trí bheartas praghsála a ghlacadh, áiritheoidh an Coimisiún nach ndéanfar saobhadh ar an iomaíocht mar gheall ar na seirbhísí rialtais a sholáthar, nach mbeidh ganntanas seirbhísí rialtais ann agus nach dtabharfar aon róchúiteamh do na conraitheoirí dá dtagraítear in Airteagal 19 mar thoradh ar an bpraghas a shainaithnítear.
|
|
Airteagal 9 6
|
6. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 2 agus 5 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(3).
|
|
Airteagal 9 7
|
7. Áiritheofar soláthar seirbhísí rialtais de réir a chéile mar a leagtar síos sa phunann seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 10(1), faoi réir infhaighteacht bhonneagar an chórais nascachta sláine, tar éis chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointí (a) agus (b), agus ag tógáil ar sheirbhísí agus ar chumais atá ann cheana agus á ngiaráil de réir mar is iomchuí.
|
|
Airteagal 9 8
|
8. Áiritheofar cóir chomhionann na mBallstát agus seirbhísí rialtais á soláthar i gcomhréir lena riachtanais dá dtagraítear in Airteagal 25(7).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.03.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R0588
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|