+Airteagal 10 Punann seirbhísí le haghaidh seirbhísí rialtais
---+Airteagal 10 1
---+Airteagal 10 2
---+Airteagal 10 3
---+Airteagal 10 4
---+Airteagal 10 5
---+Airteagal 10 6
|
Airteagal 10 Punann seirbhísí le haghaidh seirbhísí rialtais
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1
|
1. Bunófar an phunann seirbhísí le haghaidh seirbhísí rialtais i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo. Ar a laghad, cuimseofar na catagóirí seirbhíse seo a leanas inti agus comhlánófar léi an phunann le haghaidh sheirbhísí GOVSATCOM dá dtagraítear in Airteagal 63(3) de Rialachán (AE) 2021/696:
|
(a)
|
seirbhísí atá teoranta d’úsáideoirí atá údaraithe ag rialtas agus atá bunaithe ar bhonneagar rialtais, lena n-éilítear ardleibhéal slándála agus nach bhfuil oiriúnach do sheirbhísí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, amhail seirbhís stóinseach dhomhanda íseal-aga nó córas athsheachadta stóinseach sonraí spáis;
|
|
(b)
|
seirbhísí cumarsáide candamaí, amhail seirbhísí QKD.
|
|
|
Airteagal 10 2
|
2. Cuimseofar sa phunann seirbhísí le haghaidh seirbhísí rialtais freisin seirbhísí d’úsáideoirí atá údaraithe ag rialtas atá bunaithe ar an mbonneagar tráchtála, amhail seirbhís aga folaigh ísil áirithithe ar fud an domhain nó seirbhís chaolbhanda ar fud an domhain.
|
|
Airteagal 10 3
|
3. Cuimseofar freisin sa phunann seirbhísí le haghaidh na seirbhísí rialtais na sonraíochtaí teicniúla do gach catagóir seirbhíse, amhail cumhdach geografach, minicíocht, bandaleithead, trealamh úsáideoirí agus gnéithe slándála.
|
|
Airteagal 10 4
|
4. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an phunann seirbhísí le haghaidh seirbhísí rialtais. Bunófar na gníomhartha cur chun feidhme sin ar na ceanglais oibríochtúla dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, ar ionchur na mBallstát, agus ar na ceanglais slándála ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 30(3).
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(3).
|
|
Airteagal 10 5
|
5. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na ceanglais oibríochtúla maidir le seirbhísí rialtais, agus beidh na ceanglais sin i bhfoirm sonraíochtaí teicniúla agus pleananna cur chun feidhme a bhaineann, go háirithe, le bainistiú géarchéime, feasacht staide, bainistiú príomhbhonneagair, lena n-áirítear líonraí cumarsáide taidhleoireachta agus cosanta, agus riachtanais eile úsáideoirí atá údaraithe ag rialtas. Bunófar na ceanglais oibríochtúla sin ar na riachtanais atá ag úsáideoirí an Chláir, beidh siad saincheaptha chun an t-éileamh dearbhaithe a chumhdach, agus cuirfidh siad san áireamh ceanglais a eascraíonn as trealamh agus líonraí úsáideoirí atá ann cheana agus ceanglais oibríochtúla le haghaidh seirbhísí GOVSATCOM arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 63(2) de Rialachán (AE) 2021/696. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(3) den Rialachán seo.
|
|
Airteagal 10 6
|
6. Cinnfear sna conarthaí dá dtagraítear in Airteagal 19 na téarmaí agus coinníollacha a ghabhann le soláthar na seirbhísí, agus rioscaí gaolmhara, a sholáthraítear tríd an mbonneagar tráchtála.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.03.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R0588
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|