+Airteagal 11 Rannpháirtithe sa Chlár agus údaráis inniúla
---+Airteagal 11 1
---+Airteagal 11 2
---+Airteagal 11 3
---+Airteagal 11 4
---+Airteagal 11 5
---+Airteagal 11 6
|
Airteagal 11 Rannpháirtithe sa Chlár agus údaráis inniúla
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 11 1
|
1. Is iad na Ballstáit, an Chomhairle, an Coimisiún agus SEGS a bheidh ina rannpháirtithe sa Chlár a mhéid a údaraíonn siad úsáideoirí na seirbhísí rialtais nó a sholáthraíonn siad acmhainneachtaí, suíomhanna nó saoráidí.
|
|
Airteagal 11 2
|
2. Féadfaidh gníomhaireachtaí agus comhlachtaí de chuid an Aontais a bheith ina rannpháirtithe sa Chlár a mhéid is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh agus i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe a leagtar síos i socrú riaracháin arna thabhairt i gcrích idir an ghníomhaireacht nó an comhlacht lena mbaineann agus an institiúid de chuid an Aontais a dhéanann maoirsiú air nó uirthi.
|
|
Airteagal 11 3
|
3. Féadfaidh tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta a bheith ina rannpháirtithe sa Chlár i gcomhréir le hAirteagal 39.
|
|
Airteagal 11 4
|
4. Ainmneoidh gach rannpháirtí sa Chlár údarás inniúil amháin um nascacht shlán.
Measfar gur chomhlíon na rannpháirtithe sa Chlár an ceanglas dá dtagraítear sa chéad fhomhír má chomhlíonann siad an dá chritéar seo a leanas:
|
(a)
|
tá siad ina rannpháirtithe i GOVSATCOM freisin i gcomhréir le hAirteagal 68 de Rialachán (AE) 2021/696;
|
|
(b)
|
d’ainmnigh siad údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 68(4) de Rialachán (AE) 2021/696.
|
|
|
Airteagal 11 5
|
5. Maidir le hord tosaíochta seirbhísí rialtais idir na húsáideoirí arna n-údarú ag gach rannpháirtí sa Chlár, is é an rannpháirtí sin sa Chlár a dhéanfaidh an soláthar sin a chinneadh agus a chur chun feidhme.
|
|
Airteagal 11 6
|
6. Déanfaidh údarás inniúil um nascacht shlán dá dtagraítear i mír 4 na nithe seo a leanas a áirithiú:
|
(a)
|
go mbeidh úsáid na seirbhísí rialtais i gcomhréir leis na ceanglais slándála ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 30(3);
|
|
(b)
|
go gcinnfear agus go mbainisteofar na cearta rochtana ar na seirbhísí rialtais;
|
|
(c)
|
go ndéanfar an trealamh úsáideoirí is gá chun na seirbhísí rialtais a úsáid, agus na naisc cumarsáide leictreonaí agus an fhaisnéis a ghabhann leo, a úsáid agus a bhainistiú i gcomhréir leis na ceanglais slándála ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 30(3);
|
|
(d)
|
go mbunófar pointe teagmhála lárnach chun cúnamh a thabhairt de réir mar is gá i leith tuairisciú rioscaí agus bagairtí slándála, go háirithe trasnaíocht leictreamaighnéadach dhíobhálach a bhrath a dhéanfadh difear do na seirbhísí faoin gClár.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.03.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R0588
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|