2. Comhlánófar an Clár le méid EUR 0,75 billiún arna chur chun feidhme faoin gClár Fís Eorpach, faoi chomhpháirt GOVSATCOM agus faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) le haghaidh uasmhéid táscach EUR 0,38 billiún, EUR 0,22 billiún agus EUR 0,15 billiún, faoi seach. Cuirfear an cistiú sin chun feidhme i gcomhlíonadh na gcuspóirí, na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar amach, faoi seach, i Rialachán (AE) 2021/695, agus i gCinneadh (AE) 2021/764, agus i Rialacháin (AE) 2021/696 agus (AE) 2021/947.