+Airteagal 13 Buiséad
---+Airteagal 13 1
---+Airteagal 13 2
---+Airteagal 13 3
---+Airteagal 13 4
---+Airteagal 13 5
---+Airteagal 13 6
|
Airteagal 13 Buiséad
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 13 1
|
1. Is é EUR 1,65 billiún i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2027 agus chun na rioscaí gaolmhara a chumhdach.
Déanfar an méid dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dháileadh go táscach ó CAI 2021-2027 mar a leanas:
|
(a)
|
EUR 1 billiún ó Cheannteideal 1 (An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha);
|
|
(b)
|
EUR 0,5 billiún ó Cheannteideal 5 (An tSlándáil agus an Chosaint);
|
|
(c)
|
EUR 0,15 billiún ó Cheannteideal 6 (An Chomharsanacht agus an Domhan).
|
|
|
Airteagal 13 2
|
2. Comhlánófar an Clár le méid EUR 0,75 billiún arna chur chun feidhme faoin gClár Fís Eorpach, faoi chomhpháirt GOVSATCOM agus faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) le haghaidh uasmhéid táscach EUR 0,38 billiún, EUR 0,22 billiún agus EUR 0,15 billiún, faoi seach. Cuirfear an cistiú sin chun feidhme i gcomhlíonadh na gcuspóirí, na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar amach, faoi seach, i Rialachán (AE) 2021/695, agus i gCinneadh (AE) 2021/764, agus i Rialacháin (AE) 2021/696 agus (AE) 2021/947.
|
|
Airteagal 13 3
|
3. Úsáidfear an méid dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, den Airteagal seo chun na gníomhaíochtaí uile a chumhdach is gá chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (a), a chomhlíonadh agus chun ceannach na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 9(4) a chumhdach. Féadfaidh caiteachas den sórt sin an méid seo a leanas a chumhdach freisin:
|
(a)
|
staidéir agus cruinnithe saineolaithe, go háirithe comhlíonadh a srianta costais agus ama;
|
|
(b)
|
gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena n-áirítear cumarsáid chorparáideach faoi thosaíochtaí beartais an Aontais i gcás ina mbeidh baint dhíreach acu le cuspóirí an Rialacháin seo, go háirithe d’fhonn sineirgí a chruthú le beartais eile de chuid an Aontais;
|
|
(c)
|
na líonraí teicneolaíochta faisnéise arb é is feidhm leo faisnéis a phróiseáil nó a mhalartú, agus na bearta bainistíochta riaracháin a chuireann an Coimisiún chun feidhme, lena n-áirítear i réimse na slándála;
|
|
(d)
|
cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin chun an Clár a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena n-áirítear córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha.
|
|
|
Airteagal 13 4
|
4. Gníomhaíochtaí a fhaigheann cistiú carnach ó chláir éagsúla de chuid an Aontais, ní dhéanfar iad a iniúchadh ach aon uair amháin, agus cumhdófar na cláir bhainteacha ar fad agus na rialacha ábhartha is infheidhme a ghabhann leo.
|
|
Airteagal 13 5
|
5. Féadfar na gealltanais bhuiséadacha maidir le gníomhaíochtaí a mhairfidh níos faide ná bliain airgeadais amháin a mhiondealú ina dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta.
|
|
Airteagal 13 6
|
6. Féadfar acmhainní arna leithdháileadh ar na Ballstáit faoi bhainistíocht roinnte a aistriú, arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, chuig an gClár, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28). Cuirfidh an Coimisiún na hacmhainní sin chun feidhme go díreach i gcomhréir le hAirteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (a), den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le pointe (c) den fhomhír sin. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.03.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R0588
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|