+Airteagal 27 Ról na Gníomhaireachta
---+Airteagal 27 1
---+Airteagal 27 2
---+Airteagal 27 3
---+Airteagal 27 4
---+Airteagal 27 5
|
Airteagal 27 Ról na Gníomhaireachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 27 1
|
1. Beidh sé de chúram dílis ar an nGníomhaireacht, trína Bord um Chreidiúnú Slándála, creidiúnú slándála an bhonneagair rialtais agus na seirbhísí rialtais a áirithiú i gcomhréir le Caibidil II de Theideal V de Rialachán (AE) 2021/696.
|
|
Airteagal 27 2
|
2. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin comhaontú ranníocaíochta amháin nó níos mó, na cúraimí seo a leanas a chur de chúram ar an nGníomhaireacht, faoi réir ullmhacht oibríochtúil na Gníomhaireachta, go háirithe i dtéarmaí leibhéal leordhóthanach acmhainní daonna:
|
(a)
|
bainistiú oibríochtúil uile bhonneagar rialtais an Chláir, nó cuid de;
|
|
(b)
|
slándáil oibríochtúil an bhonneagair rialtais, lena n-áirítear anailís ar rioscaí agus bagairtí, faireachán slándála, go háirithe na sonraíochtaí teicniúla agus na nósanna imeachta oibríochtúla a leagan síos, agus faireachán ar conas a chomhlíonann siad na ceanglais slándála ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 30(3).
|
|
(c)
|
seirbhísí rialtais a sholáthar, go háirithe trí Mhol GOVSATCOM;
|
|
(d)
|
na conarthaí dá dtagraítear in Airteagal 19 a bhainistiú, tar éis iad a dhámhachtain agus a shíniú;
|
|
(e)
|
comhordú uileghabhálach ar ghnéithe de na seirbhísí rialtais a bhaineann leis an úsáideoir i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, le gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, le SEGS agus le heintitis eile;
|
|
(f)
|
gníomhaíochtaí a dhéanamh a bhaineann le glacadh seirbhísí ag úsáideoirí, ar seirbhísí iad a chuireann an Clár ar fáil gan difear a dhéanamh do na gníomhaíochtaí a dhéanann na conraitheoirí faoi na conarthaí dá dtagraítear in Airteagal 19.
|
|
|
Airteagal 27 3
|
3. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin comhaontú ranníocaíochta amháin nó níos mó, cúraimí eile a chur de chúram ar an nGníomhaireacht, ar bhonn riachtanais an Chláir.
|
|
Airteagal 27 4
|
4. I gcás ina gcuirtear gníomhaíochtaí de chúram ar an nGníomhaireacht, áiritheofar acmhainní iomchuí airgeadais, daonna agus riaracháin chun iad a chur chun feidhme. Chun na críche sin, féadfaidh an Coimisiún cuid den bhuiséad le haghaidh na ngníomhaíochtaí a chuirtear de chúram ar an nGníomhaireacht a leithdháileadh ar na n-acmhainní daonna is gá le haghaidh na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme.
|
|
Airteagal 27 5
|
5. De mhaolú ar Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais agus faoi réir an mheasúnaithe ón gCoimisiún ar chosaint leasanna an Aontais, féadfaidh an Ghníomhaireacht, trí bhíthin comhaontuithe ranníocaíochta, gníomhaíochtaí sonracha a chur de chúram ar eintitis eile, laistigh dá réimsí inniúlachta faoi seach, faoi choinníollacha na bainistíochta indírí a bhfuil feidhm acu maidir leis an gCoimisiún.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.03.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R0588
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|