2. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an gComhairle agus leis na Ballstáit maidir le sonraíocht agus dearadh aon ghné de bhonneagar EuroQCI, go háirithe QKD a bhaineann le FRAE a chosaint.
Déanfar an mheastóireacht agus formheas ar tháirgí cripteagrafaíochta chun FRAE a chosaint agus róil agus réimsí inniúlachta na Comhairle agus na mBallstát faoi seach á n-urramú.
Fíoróidh an t-údarás um chreidiúnú slándála, laistigh den phróiseas creidiúnaithe slándála, nach n-úsáidfear ach táirgí formheasta cripteagrafaíochta.