+Airteagal 30 Rialachas slándála
---+Airteagal 30 1
---+Airteagal 30 2
---+Airteagal 30 3
---+Airteagal 30 4
|
Airteagal 30 Rialachas slándála
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 30 1
|
1. Áiritheoidh an Coimisiún, laistigh dá réimse inniúlachta agus le tacaíocht ón nGníomhaireacht, leibhéal ard slándála, go háirithe, maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a)
|
bonneagar, idir bhonneagar ar talamh agus bhonneagar sa spás, a chosaint, agus seirbhísí a sholáthar, go háirithe i gcoinne ionsaithe fisiciúla nó cibirionsaithe, lena n-áirítear cur as do shreafaí sonraí;
|
|
(b)
|
aistrithe teicneolaíochta a rialú agus a bhainistiú;
|
|
(c)
|
na hinniúlachtaí agus an fios gnó a fuarthas a fhorbairt agus a chaomhnú laistigh den Aontas;
|
|
(d)
|
faisnéis neamh-rúnaicmithe íogair agus faisnéis rúnaicmithe a chosaint.
|
|
|
Airteagal 30 2
|
2. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an gComhairle agus leis na Ballstáit maidir le sonraíocht agus dearadh aon ghné de bhonneagar EuroQCI, go háirithe QKD a bhaineann le FRAE a chosaint.
Déanfar an mheastóireacht agus formheas ar tháirgí cripteagrafaíochta chun FRAE a chosaint agus róil agus réimsí inniúlachta na Comhairle agus na mBallstát faoi seach á n-urramú.
Fíoróidh an t-údarás um chreidiúnú slándála, laistigh den phróiseas creidiúnaithe slándála, nach n-úsáidfear ach táirgí formheasta cripteagrafaíochta.
|
|
Airteagal 30 3
|
3. Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar anailís ar rioscaí agus bagairtí i gcás an bhonneagair rialtais dá dtagraítear in Airteagal 5(2). Ar bhonn na hanailíse sin, cinnfidh sé, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na ceanglais slándála ghinearálta. Agus sin á dhéanamh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh tionchar na gceanglas sin ar fheidhmiú rianúil an bhonneagair rialtais, go háirithe ó thaobh costais, bainistiú riosca agus sceidil, agus áiritheoidh sé nach laghdófar leibhéal ginearálta na slándála, nach mbainfear an bonn d’fheidhmiú an trealaimh agus go gcuirfear na rioscaí cibearshlándála san áireamh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(3).
|
|
Airteagal 30 4
|
4. Beidh feidhm ag Airteagal 34(3) go (7) de Rialachán (AE) 2021/696 maidir leis an gClár. Chun críocha an Rialacháin seo, léifear an téarma “comhpháirt” in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2021/696 mar “bonneagar rialtais”, lena n-áirítear seirbhísí rialtais, agus forléireofar na tagairtí uile d’Airteagal 34(2) de Rialachán (AE) 2021/696 mar thagairtí do mhír 3 den Airteagal seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.03.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R0588
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|