3. Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar anailís ar rioscaí agus bagairtí i gcás an bhonneagair rialtais dá dtagraítear in Airteagal 5(2). Ar bhonn na hanailíse sin, cinnfidh sé, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na ceanglais slándála ghinearálta. Agus sin á dhéanamh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh tionchar na gceanglas sin ar fheidhmiú rianúil an bhonneagair rialtais, go háirithe ó thaobh costais, bainistiú riosca agus sceidil, agus áiritheoidh sé nach laghdófar leibhéal ginearálta na slándála, nach mbainfear an bonn d’fheidhmiú an trealaimh agus go gcuirfear na rioscaí cibearshlándála san áireamh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(3).